An difríocht idir athruithe ar: "Séamus Ó Grianna"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir Gaeilge ó na Rosa i nGaeltacht Thír Chonaill ab ea é '''Séamus Ó Grianna''', nó "Máire".
 
==A Mhuintir==
 
Deartháracha leis ab ea iad an scríbhneoir [[Seosamh Mac Grianna]] agus an seanchaí [[Seán Bán Mac Grianna]]. Breacadh cuid mhaith seanchais síos óna dheirfiúr [[Annie Bhán]] freisin. B'é Jim Fheidhlimí an t-ainm a bhí ag muintir na háite air, nó bhí a athair, Feidhlimí Dhónaill Phroinsiais, ar an t-aon fhear amháin i Reann na Feirste arbh ainm dó Feidhlimí. Níl i gceist le "Ó Grianna" ach Gaelú ar shloinne oifigiúil a mhuintire, mar atá, Greene. De réir an taighde a rinne Seán Bán, b'é "Grenery" nó "Mac Grianra" an leagan ba chirte.