An difríocht idir athruithe ar: "Maidhc Dainín Ó Sé"

Content deleted Content added
Cat.
Líne 1:
Scríbhneoir comhaimseartha [[Gaeilge]] agus ceoltóir Gaelach ó [[Contae Chiarraí|Chiarraí]] is ea é '''Maidhc Dainín Ó Sé'''. Saolaíodh i gCarrachán sa bhliain [[1942]] é. Chaith sé na blianta fada ag obair sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] agus sa [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]], ach d'fhill sé go hÉirinn sa bhliain [[1969]]. Bhreac sé síos a chuid cuimhní cinn ó na blianta sin sa leabhar úd ''A Thig ná Tit Orm''. Thairis sin, tá roinnt úrscéalta éadroma scríofa aige, go háirithe ''Dochtúir na bPiast'', ''Greenhorn'', ''Lilí Frainc'', ''Tae le Tae'', agus ''Idir Dhá Lios''. D'fhoilsigh sé ''Corcán na dTrí gCos'' freisin, ina bhfuil trí ghearrscéal barrúil foilsithe faoi aon chlúdach. Bíonn a shaoltaithí Mheiriceánach le haithint ar a chuid leabhar go minic, agus iad an-chosúil le scannáin de dhéantús Hollywood, idir dhrámatúlacht, chraiceann, agus fhoréigean. Canúint sách crua a bhíonn á scríobh aige, agus é beag beann ar an ngramadach chaighdeánach, ach baineann bríomhaireacht agus beogacht lena chuid scríbhneoireachta. Ina dhiaidh sin féin, ní lón léitheoireachta do na páistí an chuid is mó acu, agus an oiread foréigin agus craicinn a bhíonn iontu.
 
Tá clú is cáil ar Mhaidhc Dainín mar cheoltóir freisin. Is é an bosca ceoil - an cairdín, mar a deirtear i gConnamara - an ionstraim is rogha leis.
Líne 39:
{{stumpa}}
 
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|ÓO Sé, Maidhc Dainín]]
[[Catagóir:Ceoltóirí Éireannacha|O Sé, Maidhc Dainín]]
[[Catagóir:Daoine as Contae Chiarraí|O Sé, Maidhc Dainín]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1942|O Sé, Maidhc Dainín]]