An difríocht idir athruithe ar: "Séamus Ó Grianna"

Content deleted Content added
Líne 18:
 
Díol suntais é nach labhraíodh Séamus Ó Grianna focal Gaeilge lena bhean - bhí sise dall ar an teanga cibé scéal é - ná lena chlann. Mar is éasca a aithint ar a chuid leabhar dírbheathaisnéise, fuair sé é féin náirithe go hiomlán ina stócach beag dó, agus an múinteoir ag caitheamh anuas air is á bhualadh toisc é a bheith gan focal Béarla ina phluc. Is dealraitheach go ndeachaigh drochbhuille an chéad lá scoile go domhain i bhfeidhm air, agus náire na Gaeilge ag luí go searbh air. Nuair a tháinig sé i gcrann, d'fhoghlaim sé scoth an Bhéarla, agus é in ann an-ionsaí béil a dhéanamh sa teanga sin féin orthu siúd a shíl an dúrud díobh féin, cosúil le "lucht na veistí bána" (an mheánaicme uirbeach) agus lucht na n-ollscoileanna, ar ar thug sé ''congenital idiocy mumbling inanities in university robes'' ("amadáin chruthanta ag monamar baothchainte agus a gcuid róbaí ollscoile orthu").
 
Ní raibh Séamus ródhóchasach as todhchaí na Gaeilge riamh, agus é ag titim in umar an éadóchais ar fad de réir mar a bhí sé ag druidim le deireadh a shaoil. D'fhág sé iontas, alltacht agus fearg ar lucht na Gaeilge, nuair a chuaigh sé leis an ''Language Freedom Movement'', brúghrúpa frith-Ghaeilgeoireachta a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a ruaigeadh as na scoileanna. Údar marana agus machnaimh do lucht na Gaeilge inniu féin go dtréigfeadh duine de mháistrí móra na Gaeilge an chúis ar dhóigh chomh suarach sin.
 
==A Shaothar==