An difríocht idir athruithe ar: "Séamus Ó Grianna"

Content deleted Content added
Mahagaja (plé | dréachtaí)
dar leis an nasc rugadh i 1891 é; +ranganna
Líne 1:
Scríbhneoir Gaeilge ó na Rosa i nGaeltacht Thír Chonaill ab ea é '''Séamus Ó Grianna''' (1891-1969), nó "Máire".
 
==A Mhuintirmhuintir==
 
Deartháracha leis ab ea iad an scríbhneoir [[Seosamh Mac Grianna]] agus an seanchaí [[Seán Bán Mac Grianna]]. Breacadh cuid mhaith seanchais síos óna dheirfiúr [[Annie Bhán]] freisin. B'é Jim Fheidhlimí an t-ainm a bhí ag muintir na háite air, nó bhí a athair, Feidhlimí Dhónaill Phroinsiais, ar an t-aon fhear amháin i Reann na Feirste arbh ainm dó Feidhlimí. Níl i gceist le "Ó Grianna" ach Gaelú ar shloinne oifigiúil a mhuintire, mar atá, Greene. De réir an taighde a rinne Seán Bán, b'é "Grenery" nó "Mac Grianra" an leagan ba chirte.
 
==A Shaolshaol==
 
Rugadh Séamus Ó Grianna i Reann na Feirste (''Rinn'' na Feirste an leagan caighdeánta) sna Rosa sa bhliain 18891891. Ina ghearrstócach dó, chaith sé tamall ag sclábhaíocht ar an Lagán agus in Albain, agus b'ansin a casadh náisiúnaithe Éireannacha air an chéad uair. Léigh sé dialann phríosúin [[Seán Mistéal|Sheáin Mhistéil]], ceann de scríbhinní canónta an náisiúnachais Éireannaigh, agus chuaigh sé féin leis an náisiúnachas. I ndiaidh na tréimhse a chaith sé ina náibhí, d'éirigh leis dintiúirí an mhúinteora bunscoile a bhaint amach. Níor chaith sé ach tamall gairid ina mhúinteoir, ó nach raibh an obair ag teacht leis.
 
Bhí sé páirteach i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad, agus é in aghaidh an tSaorstáit. Ní raibh sé ag cur catha go díreach, áfach, nó bhí seisean agus a dheartháir, Seosamh, ag scríobh is ag stáitsiú drámaí beaga bolscaireachta mar chineál ''biblia pauperum'' le muintir na tuaithe a spreagadh chun Poblachtánachais. Tháinig na Saorstátairí ar a lorg go héasca, áfach, agus chaith siad an chuid ab fhearr den chogadh i mbraighdeánas. Tréimhse dhearóil ab ea é an phríosúnacht seo i saol Shéamuis Uí Ghrianna, agus níor chaith sé mórán dúthrachta le cur síos a thabhairt uirthi ina chuid scríbhinní.
Líne 21:
Ní raibh Séamus ródhóchasach as todhchaí na Gaeilge riamh, agus é ag titim in umar an éadóchais ar fad de réir mar a bhí sé ag druidim le deireadh a shaoil. D'fhág sé iontas, alltacht agus fearg ar lucht na Gaeilge, nuair a chuaigh sé leis an ''Language Freedom Movement'', brúghrúpa frith-Ghaeilgeoireachta a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a ruaigeadh as na scoileanna. Údar marana agus machnaimh do lucht na Gaeilge inniu féin go dtréigfeadh duine de mháistrí móra na Gaeilge an chúis ar dhóigh chomh suarach sin.
 
==A Shaotharshaothar==
 
Is é an chéad saothar fada ficsin a tháinig ó pheann Shéamuis Uí Ghrianna ná an t-úrscéal sraithfhoilsithe ''Castar na Daoiní ar a Chéile is ní Chastar na Cnoic is na Sléibhte''. Is iomaí locht is féidir a fháil ar an scéal seo nach bhfuil ann, go bunúsach, ach an chéad triail a bhain an scríbhneoir as ceird an úrscéalaí. Tá ceann de phríomh-mhóitífeanna an scríbhneora le haithint ar an saothar seo cheana féin, is é sin, an grá leatrom. D'fhéach an scríbhneoir le cur síos a thabhairt ar thimpeallacht na mac léinn agus na ndaoine léannta uirbeacha, agus siúd is nár éirigh leis ach go lagmheasartha, b'iarracht mheabhrach é le litríocht na Gaeilge a phósadh le saol na cathrach.
 
==Nasc seachtrach==
{{stumpa}}
*[http://www.searcs-web.com/ogriann.html Searc's web guide - Séamus Ó Grianna]
 
[[Rang:Scríbhneoirí Éireannacha|O Grianna, Seamus]]
[[Rang:Daoine a rugadh i 1891|O Grianna, Seamus]]
[[Rang:Básanna i 1969|O Grianna, Seamus]]