An difríocht idir athruithe ar: "Bogearraí mailíseacha"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 3:
* [[Péist (ríomhaire)|Péisteanna ríomhaire]]. Is éard atá i gceist le péist ríomhaire ná ríomhchlár atá á iomadú féin agus ag fágáil cóipeanna de féin ar fud an chórais. Ní greamaíonn na péisteanna d'aon ríomhchlár eile, mar a dhéanann na víris.
 
* [[Capall Traíoch (ríomhaire)|Capall Traíoch]]. Is éard is capall Traíoch ann ná bogearra a thugann le fios go bhfuil sé le jab áirithe a dhéanamh, ach ina áit sin, nó fiú sa bhreis air sin, iompraíonn sé isteach orduithe nó scripteanna faoi cheilt ar féidir dóibh dochar éigin a dhéanamh do shonraí an úsáideora, dá ríomhaire nó dá phríobháideacht. Is iomaí sparálaíspárálaí scáileáin "saor in aisce" a bhíonn ina chapall Traíoch.
 
* [[Trealamh fréamhrochtana]]. Is éard atá i gceist le trealamh fréamhrochtana ná bogearra nó foireann bogearraí - "trealamh" - a chuireann ar do chumas pribhléidí an riarthóra - "fréamhrochtain", de réir théarmaíocht an chórais [[Unix]] - a bhaint amach duit gan cheadúnas na ndaoine eile a úsáideann an ríomhaire céanna.