An difríocht idir athruithe ar: "Séamus Ó Grianna"

Content deleted Content added
Mahagaja (plé | dréachtaí)
dar leis an nasc rugadh i 1891 é; +ranganna
Líne 23:
==A shaothar==
 
Is é an chéad saothar fada ficsin a tháinig ó pheann Shéamuis Uí Ghrianna ná an t-úrscéal sraithfhoilsithe ''Castar na Daoiní ar a Chéile is ní Chastar na Cnoic is na Sléibhte''. Is iomaí locht is féidir a fháil ar an scéal seo nach bhfuil ann, go bunúsach, ach an chéad triail a bhain an scríbhneoir as ceird an úrscéalaí. Tá ceann de phríomh-mhóitífeanna an scríbhneora le haithint ar an saothar seo cheana féin, is é sin, an grá leatrom. D'fhéach an scríbhneoir le cur síos a thabhairt ar thimpeallacht na mac léinn agus na ndaoine léannta uirbeacha, agus siúd is nár éirigh leis ach go lagmheasartha, b'iarracht mheabhrach é le litríocht na Gaeilge a phósadh le saol na cathrach.
 
Na leabhair, idir úrscéalta agus ghearrscéalta, a d'fhoilsigh Séamus Ó Grianna ina dhiaidh sin, áfach, - an chuid is mó acu faoin ainm cleite "Máire", in ómós do sheanchaí clúiteach a bhólaí dúchais, Máire Chonnachtach - bhí siad dírithe ar chur síos a thabhairt ar nósanna Gaelacha na Gaeltachta. Is dócha go raibh scríbhneoireacht Shéamuis Uí Ghrianna ceaptha mar oideachas do na Gaeilgeoirí uirbeacha. Nó bhí Séamus, chomh maith lena [[Seosamh Mac Grianna|dheartháir]], riamh den tuairim gur sibhialtacht iomlán í sibhialtacht na nGael, agus, mar sin, níor leor an teanga a fhoghlaim gan an bhéasaíocht a fhoghlaim chomh maith a bhí fite fuaite leis an teanga.
 
Mar sin, ní bhíonn an plota ag feidhmiú i leabhar tipiciúil le Séamas Ó Grianna ach mar chineál leithscéal le Gaeilge shaibhir dhúchasach Thír Chonaill a chur ar fáil don léitheoir. Is é an scéal céanna a insíonn sé uair i ndiaidh uaire. Mar a dúirt "[[Peigí Rose]]", duine de scríbhneoirí comhaimseartha Ghaeilge Uladh, bhí cineál "siondróm Rocky II" ar "Mháire" mar údar. B'ionann bunstruchtúr an scéil ina lán leabhar leis, agus an scéal bunaithe ar an ngrá leatrom, nó, níos minicí fós, ar an ngrá nach n-admhaítear, toisc go bhfuil an buachaill agus an cailín róchúthail. Is féidir, freisin, go bhfuil an bochtanas ag teacht idir iad agus an cleamhnas. Ansin, fágann an Cogadh Cathartha nó an imirce scartha ó chéile iad, agus ní chasfar ar a chéile iad ach ag uaigh duine acu, nó nuair atá siad ró-aosta cheana le teas nua a chur sa seanphaisiún fuaraithe.
 
Is iad ''Caisleán Óir'' (imirce), ''Mo Dhá Róisín'' (is í Éire an dara Róisín, agus mar sin, is é an tírghrá a scarann an lánúin sa leabhar seo), agus ''Tairngreacht Mhiseoige'' na húrscéalta is clúití le Séamus Ó Grianna, ach d'fhoilsigh sé beagnach tríocha leabhar, idir úrscéalta, ghearrscéalta, agus dhá leabhar dírbheathaisnéise, mar atá, "Nuair a Bhí Mé Óg" agus "Saol Corrach".
 
==Nasc seachtrach==