An difríocht idir athruithe ar: "Karel Čapek"

Content deleted Content added
m robot Modifying: lt:Karel Čapek
{{Bosca sonraí}}
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Scríbhneoir
| ainm = Karel Čapek
| íomhá = Karel Čapek-busta.jpg{{!}}180px
| ceannteideal = Dealbh i Chyše, an tSeic
| dáta_breithe = [[9 Eanáir]], [[1890]]
| áit_bhreithe = Malé Svatoňovice
| dáta_báis = [[25 Nollaig]], [[1938]]
| áit_bháis = Prág
| gairm = Scríbhneoir
| céile = Olga Scheinpflugová
}}
Áirítear '''Karel Čapek''' ([[9 Eanáir]] 1890 – [[25 Nollaig]] 1938) ar scríbhneoirí móra na [[An tSeic|Seicise]]. Bhí sé ar cheannródaithe an fhicsin eolaíochta lena chuid saothar, agus d'imir sé an-tionchar ar scríbhneoirí éagsúla ó [[George Orwell]] go Brian Aldiss. B'eisean, nó b'fhéidir a dheartháir Josef, a bhí ina scríbhneoir ann féin, a chéadcheap an focal "róbat". B'é Karel Čapek, áfach, a bhain an chéad úsáid as ina dhráma "R.U.R."
 
[[Íomhá:Karel Capek monument.JPG|thumb|Leacht cuimhneacháin - Prág]]
Saolaíodh i Malé Svatoňovice é, agus chuaigh sé ag freastal ar an meánscoil i Hradec Králové, nó Königgrätz, mar a bhí ar an áit go hoifigiúil san am, ós rud é nach raibh sa tSeic ach cúige de chuid [[an Ostair|na hOstaire]] san am. Ghlac Karel óg páirt in agóidíocht fhrith-Ostarach, agus ruaigeadh as an scoil é, ionas gurbh éigean dó dul go Brno (Brünn) leis an gcuid eile den mheánscoil a chur isteach. I ndiaidh na meánscoile, rinne sé staidéar ar fhealsúnacht i [[Prág|bPrág]], i [[Beirlín|mBeirlín]] agus i [[Páras|bPáras]].
 
[[Íomhá:Karel Capek monument.JPG|thumb|left|Leacht cuimhneacháin - Prág]]
Bhí drochshláinte air, agus mar sin, níor glacadh leis in Arm na hOstaire le haghaidh [[an Chéad Chogadh Domhanda]]. I ndiaidh an chogaidh, chuaigh sé le hiriseoireacht agus le hamharclannaíocht, agus casadh aisteoir óg mná air, Olga Scheinpflugová. Bhí siad ag dul amach ar feadh i bhfad, ach níor phós Čapek í ach go gairid roimh a bhás féin. Shíothlaigh sé i ndiaidh Chomhdháil München, agus [[an Ghearmáin]] ag cúngú go bagrach ar an tSeicshlovaic.