An difríocht idir athruithe ar: "Peil Ghaelach"

Content deleted Content added
RóC (plé | dréachtaí)
Minor word changes
Líne 1:
[[Íomhá:Gaelic football ball.jpg|200px|deas|thumb|An liathróid, déanta ag an gcomhlacht Éireannach O'Neills, a úsáidtear sa Pheil Ghaelach.]]
Is cluiche foirne agus saghas [[peil|peile]] í an '''Pheil Ghaelach''' (tugtar '''caid''' agus '''peil''' uirthi chomh maith) a imrítear in [[Éirinn]] ach go háirithe. Tá an pheil ar cheann den dhá chluiche is coitianta in Éirinn sa lá atá inniu ann, mar aon leis [[iomáint|an iomáint]].
 
Imrítear an cluiche idir dhá fhoireann de chúigear imreoir déag ar pháirc imeartha dronuilleogach le cuaillí báire ar an dá thaobh. Tá cuma "H" ar na gcuaillí, ar nós cuaillí [[rugbaí]] ach le líontán ag a mbun mar atá i [[sacar]]. Is é príomh-chuspóir an chluiche ná an liathróid peile (nó "an chaid") a chur isteach i líontán na foirne eile ("cúl", le luach trí phointe) nó thar an trasnán ("cúilín", le luach pointe amháin). Is ionann cúl amháin agus trí chúilín. Bíonn an bua ag an bhfoireann leis an líon pointí is mó ag deireadh an chluiche.