An difríocht idir athruithe ar: "Seán Bán Mac Meanman"

Content deleted Content added
No edit summary
 
No edit summary
Líne 1:
Máistir scoile agus scríbhneoir Gaeilge ab ea é '''Seán Bán Mac Meanman''', agus é ag scríobh lón léitheoireachta do na gasúirí scoile thar aon dream eile. Chleachtaíodh sé ealaín an tseanchaí thraidisiúnta ina chuid scéalta, a raibh fíor-bhlas Ghaeilge Lár Thír Chonaill orthu. Is léiriú maith iad a chuid scríbhinní ar mheon agus ar nósanna na Gaeltachta sa naoú haois déag, agus canúint shaibhir iontu. Bíodh is go bhfuil meon an chráifeachais i gcuid de na scéalta cineál coimhthíoch ag duine an lae inniu, is dócha go gcuirfeadh ábhar scríbhneora Gaeilge an-suim iontu le blas na canúna a tharraingt air féin, go háirithe i bhfianaise an mheatha atá tagtha ar Ghaeilge Lár Thír Chonaill mar ghnáthurlabhra phobail.
 
Thiar sna nóchaidí, cuireadh scéalta foilsithe Sheáin Bháin i gcló ina dtrí dhíolaim, mar atá, ''An Chéad Mhám'', ''An Dara Mám'', agus ''An Tríú Mám''. Thairis sin, tá bailiúchán ábhair eile foilsithe faoin teideal ''Cnuasach Céad Conlach''. Dealraíonn sé, áfach, go bhfuil tuilleadh le teacht, nó scríobh Seán Bán leabhar faoi stair na hÉireann nár foilsíodh riamh, agus an lámhscríbhinn ag fanacht le fear a curtha in eagar.
 
{{stumpa}}