An difríocht idir athruithe ar: "Seosamh Mac Grianna"

Content deleted Content added
m Naisc
Líne 1:
Scríbhneoir Gaeilge ó Rinn na Feirste sna Rosa i nGaeltacht Thír Chonaill ab ea é '''Seosamh Mac Grianna''' ([[1901]]-[[1990]]). Áirítear ar chlasaicigh nua-aimseartha na litríochta Gaeilge é.
 
Deartháir do [[Séamus Ó Grianna|Shéamus Ó Grianna]] ab ea é Seosamh, nó ''Joe Fheidhlimí Dhónaill Phroinsiais'', mar a thugadh muintir Rinn na Feirste air. Éan corr a bhí ann ó thús, mar Sheosamh, agus ní dheachaidh sé riamh ag obair ar an Lagán ná go hAlbain, mar ba dual d'aos óg Thír Chonaill a dhéanamh. Ghlac sé páirt sa Chogadh Cathartha in éineacht lena dheartháir, agus chaith an bheirt acu an bhliain go leith roimh dheireadh an chogaidh imtheorannaithe ag an Saorstát.
 
Chaith Seosamh a sheal féin ag aistritheoireacht don [[An Gúm|Ghúm]], agus déanta na fírinne rinne sé a lán aistriúchán a thabhaigh clú is cáil dó, go háirithe an Ghaeilge a chuir sé ar ''Ivanhoe'' le [[Walter Scott]]. Mar sin féin, bhí sé míshásta leis an bpá a fuair sé ón nGúm, agus níos míshásta fós leis an dóigh ar chaith an Gúm lena chuid bunscríbhinní. Siúd is go raibh an t-úrscéal ''An Druma Mór'' críochnaithe aige sna tríochaidí, níor tháinig sé i gcló roimh na seascaidí.
 
Chuaigh an cruatan go mór mór chun dochair dó, go háirithe ó thaobh na sláinte sící de. Sa bhliain [[1935]], agus é díreach ag scríobh úrscéil faoi shaol polaitiúil na hÉireann, buaileadh le síocóis dhúlagrach é a d'fhág ina chreapaltán é ó thaobh na haigne de, ar feadh a raibh fágtha de shaol aige. D'éist sé an obair scríbhneoireachta, agus baisteadh ''Dá mBíodh Ruball ar an Éan'' (is é sin, "dá mbeadh eireaball ar an éan", de réir an Chaighdeáin) ar an úrscéal neamhchríochnaithe.
 
Chaith Seosamh an chuid is mó den am ina dhiaidh sin ag éileamh san ospidéal siciatrach. Bhí sórt cleamhnais neamhoifigiúil aige le bean agus saolaíodh mac don bheirt aige, agus chuir an bhean is an mac lámh ina mbásanna féin i bhfad sular shíothlaigh an scríbhneoir.