[[Íomhá:Hans Holbein d. J. 065.jpg|thumb|deas|220px|Thomas More, le Hans Holbein]]
Ba dhlíodóir, údar agus státaire Sasanach é Naomh '''Naomh Thomas More''' nó '''Sir Thomas More''' (7 Feabhra 1478 – 6 Iúil 1535). Is é an cháil is mó atá air ná gur cuireadh chun báis é mar nach n-aithneodh sé forlámhas an Rí, [[Anraí VIII Shasana|Anraí VIII]], ar an [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Eaglais Chaitliceach]] i Sasana. Ba mhairtíreach Caitliceach é mar gheall air seo agus rinneadh naomh den Eaglais Chaitliceach de. Ba scoláire agus scríbhneoir cumasach é agus ba é duine de na daonnachaithe ba mhó lena linn agus is é an leabhar ''[[Utopia]]'', an saothar is cáiliúla dá chuid.