An difríocht idir athruithe ar: "CLG Átháin"

Content deleted Content added
No edit summary
m Nasc
Líne 21:
Bunaíodh an club sa bhliain 1926. Roimhe sin, bhí dhá chlub eile sa pharóiste ó bhlianta tosaigh CLG, Caisleán Uí Chonaill, a bhuaigh craobh iomána sinsear an chontae sa bhliain 1909, agus Cnoc na Sailí, buaiteoirí na craoibhe sa bhliain 1900. Ach maraon lena lán clubanna eile sa chontae, thiteadar as a chéile le linn na [[Cogadh na Saoirse (Éire)|dTrioblóidí]] agus [[An Chéad Cogadh Domhanda]].
 
Ós rud é go raibh an-chuid daoine ag teacht isteach sa pharóiste le linn togáil stáisiún ginnte hidrileictreach Ard na Croise ag an am, d’fhás club Átháin go tapaidh agus i gcionn ach cúig bhliana, bhí [[Craobh Iomána Sinsear Contae Luimnigh|craobh iomána sinsear an chontae]] buaite acu don chéad uair. B’iad blianta na 1930í ní amháin ré órga iomána Átháin ach ré órga iomána Luimnigh chomh maith. Idir na blianta 1931 agus 1948, tháinig corn an chontae cúig uair déag ar ais go dti an paróiste. Le linn an trátha chéanna, bhuaigh Luimneach [[Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann]] sna blianta 1934, 1936 agus 1940 agus b’as Átháin beagnach leath na fóirne ar gach ócáid.
 
Nuair a d’éirigh an glún sin as an imirt, tháinig meath ar ratha Átháin agus níor bhuadar craobh iomána arís go dti an bhliain 1998. Ghabhadar an chorn arís sna blianta 1999 agus 2004 agus, le naoi dteideal sinsear déag, is iad fós an club iomána is rathúla sa chontae.