An difríocht idir athruithe ar: "CLG Tobar Phádraig"

Content deleted Content added
mNo edit summary
m nasc
Líne 26:
Cé go raibh an-shuim ag muintir na háite i gcónaí san iomáint, ní raibh aon foireann dá gcuid féin acu roimh an mbliain 1943 agus d’imríodar le [[CLG Baile Brún|Baile Brún]], an club eile sa pharóiste, agus le clubanna paróistí eile gar don sráidbhaile ar nós [[CLG Mungairit|Mungairit]], [[CLG Áth Dara|Áth Dara]] agus [[CLG Craobh Chumhra|Craobh Chumhra]]. Thit an chéad iarracht as a chéile i ndiaidh dhá bhliain ach athbhunaíodh an club atá fós sa lá inniu ann sa bhliain 1947.
 
Ghnóthaigh Tobar Phádraig a chéad chorn chontae, an Craobh Iomána Sóisear A, sa bhliain 1955 agus ba sa bhliain 1965 a tháinig [[Craobh Iomána Sinsear Contae Luimnigh]] chuig an gclub don chéad uair. D’éirigh leo arís seacht n-uair déag sna blianta 1966, ’69, ’70, ’77, ’79, ’82, ’83, ’84, ’87, ’88, ’90, ’93, ’95, ’96, ’97, 2000 agus ’03 agus táid sa dara áit i measc buaiteoirí an choirn. Buadh Craobh Iomána Sinsear Club na Mumhan sna blianta 1988 agus 1990.
 
B’iad blianta na 1960í agus na 1970í ré órga peile Tobar Phádraig nuair a bhuadar Craobh Peile Sóisear A an chontae sna blianta 1964, 1970 agus 1978.