An difríocht idir athruithe ar: "CLG Baile Brún"

Content deleted Content added
mNo edit summary
m naisc
Líne 21:
Bunaíodh an club sa bhliain 1890 agus bhuadar Craobh Iomána Sóisear Contae Luimnigh sa bhliain 1913 ach chuir [[An Chéad Cogadh Domhanda]] agus [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Na Trioblóidí]] go mór astu agus níor éirigh leo i gcomórtas eile go dtí gur bhuadar Craobh Iomána Sóisear na Cathrach sa bhliain 1946. Bunaíodh club eile sa pharóiste, [[CLG Tobar Phádraig|Tobar Phádraig]], an bhliain dár gcionn agus bhí ar Bhaile Brún fanacht go dtí an bhliain 1959 sular bhuadar an chorn céanna arís.
 
Thosnaigh Baile Brún ag imirt sa ghrád sinsear i ndiaidh Craobh Iomána Sóisear A an chontae a ghabháil don dara uair sa bhliain 1967 agus chailleadar cluiche cheannais [[Craobh Iomána Sinsear Contae Luimnigh|iománna sinsear an chontae]] i gcoinne [[CLG Tobar Phádraig|Tobar Phádraig]] sa bhliain 1983. D’éirigh leo [[Craobh Iomána Sinsear Contae Luimnigh|an chorn]] a bhuachaint sna blianta 1989 agus 1991 agus bhuadar Craobh Iomána Sinsear Club na Mumhan sa bhliain 1989 ach thiteadar síos go dtí an grád idirmheánach sa bhliain 2005.
 
Thosnaigh ré na peile i ndáiríre i mBaile Brún sa bhliain 1981 nuair a bhuadh Craobh Sóisear A Contae Luimnigh agus ghabhadar seilbh ar chorn idirmheánach an chontae seacht mbliain ina dhiaidh sin ach thit suim sa pheil le linn bliainta na 1990í