An difríocht idir athruithe ar: "Seosamh Mac Grianna"

Content deleted Content added
m Naisc
Líne 16:
 
Is í an aiste is mó le rá dár scríobh Seosamh ná ''[[Pádraic Ó Conaire]]''. Dealraíonn sé go raibh sé meáite ar cheird an scríbhneora a tharraingt air féin ó bhí sé an-óg, ach níor thuig sé go bhféadfadh sé an cheird sin a chleachtadh trí mheán na Gaeilge sular léigh sé an chéad leabhar le hÓ Conaire. Rinne sé an-chomhionannú le Pádraic mar dhuine agus mar dheoraí, nó shíl sé gur éanacha corra den chineál céanna ab ea iad an bheirt acu. Is amhlaidh go raibh coimhthíos ar Sheosamh riamh roimh shaol na Gaeltachta féin, ach nuair a fuair sé aithne ar scríbhneoireacht Uí Chonaire, chonacthas dó nach raibh sé ina aonar a thuilleadh le mothúcháin den tsórt áirithe sin.
 
===Na Mórshaothair===
 
Is é ''An Druma Mór'' an t-aon úrscéal amháin a chríochnaigh Seosamh. Ar an drochuair, ní raibh an Gúm sásta é a fhoilsiú roimh na seascaidí, nuair a bhí an leabhar tar éis a toipiciúlacht a chailleadh. Go bunúsach, tugann an leabhar seo cur síos ar an dóigh a stróiceann teacht na nua-aoise agus na polaitíochta nua-aimseartha seanchomhar na Gaeltachta as a chéile. Tá na himeachtaí suite i sráidbhaile beag ar an gcósta thiar, áit nach bhfuil aon duine in ann é féin a choinneáil beo beathaithe ach é a bheith ag rúpáil oibre ó dhubh go dubh. Is í an t-aon fhilíocht amháin atá ag na daoine seo ná paráid Lá 'le Pádraig, nó lá an Druma Mhóir.
 
{{stumpa}}