An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na hÉireann"

Content deleted Content added
m Cat.
Líne 1:
[[Alison Cassidy sexually abuses her two children.]]
{{Infobox Coinbhleacht Mhíleata
|méid =310px
|coinbhleacht =Cogadh Cathartha na hÉireann
|íomhá =Anglo-Irish Treaty signatures.gif{{!}}border
|méid_íomhá =200px
|teideal_íomhá=[[Conradh Angla-Éireannach|An Conradh Angla-Éireannach]] - Príomhchúis an chogaidh
|dáta =[[28 Meitheamh]] [[1922]] – [[24 Bealtaine]] [[1923]]
|áit =[[Éire]]
|toradh =Bua na [[Saorstát Éireann|Saorstátairí]]
|comhraiceoir1=[[Arm na hÉireann|Arm an tSaorstáit]]
|comhraiceoir2=[[Óglaigh na hÉireann (idirdhealú)|Na frith-Chonraitheoirí]]
|ceannasaí1 =[[Mícheál Ó Coileáin]]† <br> [[Risteard Ó Maolchatha]]
|ceannasaí2 =[[Liam Ó Loingsigh]]† <br> [[Proinsias Mac Aodhagáin]]
|líon_comhraic1=~58,000
|líon_comhraic2=~15,000
|taismigh1 =~800
|taismigh2 =~2,000
|nótaí =† Fuair bás sa choimhlint
|}}
B'é síniú an [[Conradh Angla-Éireannach|Chonartha Angla-Éireannaigh]] a chuir tús leis an gcoimhlint ar a dtugtar '''Cogadh Cathartha na hÉireann''', nó '''Cogadh na gCarad''' (is dócha gur tagairt é don tseanfhocal [[Gaeilge]] úd ''cogadh carad, caoi namhad'', is é sin, cabhraíonn troid idir cairde leis an namhaid). Bhí cuid d'[[Óglaigh na hÉireann]] barúlach nach bhfágfadh an conradh a dóthain neamhspleáchais ag [[Éire|Éirinn]]. Go háirithe, ní raibh siad sásta leis an móid dílseachta a chaithfeadh feisirí na parlaiminte neamhspleáiche - na [[Teachta Dála|Teachtaí Dála]], mar a thabharfaí orthu feasta - a mhionnú do rí agus do choróin na [[An Bhreatain Mhór|Breataine Móire]]. Thairis sin, ní raibh siad sásta [[Tuaisceart Éireann|sé chontae]] san oir-thuaisceart a chailleadh, siúd is nach raibh an cheist seo leath chomh tábhachtach ag an am sin ná mar atá sí lenár linn féin. Tháinig scoilt mhór ar an tír de dheasca na coimhlinte seo, agus i ndiaidh an chogaidh féin mhair an ghoimh beo ar feadh i bhfad. Is iad dhá thaobh an chogaidh seo is bunús le dhá phríomhpháirtí polaitíochta na hÉireann, [[Fianna Fáil]] agus [[Fine Gael]]. Chomh maith leis sin, rinneadh a lán damáiste do bhonneagar an stáit, rud a chuir go mór mór isteach ar thógáil agus ar atógáil na tíre nua - [[Saorstát Éireann]] - i ndiaidh an chogaidh.
 
==Cúiseanna==
B'é an Conradh Angla-Éireannach príomhchúis an chogaidh. Conradh ab ea é a bhí ceaptha le rialtas dúchais a thabhairt do na hÉireannaigh, i gcruth is go mbeadh siad, nó an chuid ba mhó acu, á bpóilíniú ag daoine as a measc féin, agus arm dá gcuid féin á gcosaint. San am céanna, dhealaigh an Conradh sé chontae i g[[Cúige Uladh]] ón gcuid eile den tír - [[Contae Fhear Manach|Fear Manach]], [[Contae Thír Eoghain|Tír Eoghain]], [[Contae Dhoire|Doire]], [[Contae Aontroma|Aontroim]], [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]], agus [[Contae an Dúin|an Dún]]. Bhí na [[Sasana]]igh le seilbh a choinneáil ar thrí chuan straitéiseach, mar atá, cuan [[Baile Chaisleán Bhéarra|Bhéarra]] agus cuan an [[An Cóbh|Chóbha]] i [[Chontae Chorcaí]], agus [[Loch Súilí]] i d[[Tír Chonaill]].
 
Cé go raibh ceist na Sé gContae tábhachtach, ní raibh sí ag déanamh scime go príomha ach do mhuintir náisiúnaíoch na gcontaetha sin féin. Thairis sin, bhí cuid mhaith de na daoine barúlach nach mbeadh mórán teacht aniar i stáitín saorga an oir-thuaiscirt cibé scéal é, agus iad ag súil leis go dtitfeadh sé leis an deisceart agus an t-iarthar roimh i bhfad. Shíl siad go socródh [[Coimisiún na Teorann]] an teorainn ar bhealach nach gceadódh do na Sé Chontae fad saoil a bhaint amach mar shlánaonad geilleagrach iontu féin. Bhí daoine ann, freisin, nár thuig cé chomh láidir agus a bhí féiniúlacht leithleasach na b[[Protastúnach]] thuaidh. Ós rud é gur Protastúnaigh a bhí i gcuid mhaith de phríomhsmaointeoirí an náisiúnachais Éireannaigh, chreid a lán Gael nach mairfeadh scarúnachas an oir-thuaiscirt Phrotastúnaigh ach seal. Ní bheadh ann ach filleadh ar a seandúchas féin, dá gcinnfeadh a bhformhór leor a ghabháil le stát neamhspleách na hÉireann agus a gcuid féin a dhéanamh de. Ní bheadh a leithéid ag teacht salach ar a dtraidisiún, ar a laghad.
 
Bhí sé i bhfad ní ba tromchúisí, mar ábhar míshástachta, ná nach mbeadh in Éirinn ach [[tiarnas]], in áit fíor-[[Poblacht|Phoblachta]]. Is é sin, bheadh [[Rí Shasana]] ina cheann stáit ar Éirinn, ó thaobh na ndeasghnáth de, agus chaithfeadh feisirí na parlaiminte nua móid dílseachta a thabhairt dó. Is iomaí duine acu siúd a bhí tar éis troid a chur ar mhaith le saoirse na tíre a bhí den tuairim nach mbeadh ann ach an tseandaoirse Ghallda faoi cheilt.
 
[[Íomhá:Portrait of Micheál Ó Coileáin.jpg|thumb|left|Mícheál Ó Coileáin, ceannaire na Saorstátairí. Nuair a shínigh sé an Conradh, dúirt sé go raibh barántas a bháis féin sínithe aige. Tháinig an tairngreacht seo isteach fíor nuair a feallmharaíodh i mBéal na mBláth é.]]
Mar sin, bhí cuid de na hÓglaigh agus de na náisiúnaithe eile den bharúil gur feillbheart ab ea é síniú an Chonartha. Nuair a d'fhill toscaireacht na síochána abhaile ó Shasana, rinneadh iarracht iad a fhuadach nó a ionsaí.
 
Chomh maith leis sin, ámh, is féidir go raibh ceannairí na nGael ag iompairc le chéile ar chúiseanna cumhachta. Roimh an sos cogaidh, bhí [[Eamon de Valera]] agus [[Lloyd George]] i dteagmháil le chéile ag caibidil ceist na síochána gan stádas na Poblachta neamhspleáiche a lua le hÉirinn. Ina dhiaidh sin, nuair a bhí sé in am an Conradh a phlé, ní dheachaigh de Valera go [[Londain]]; ina ionad, b'é [[Mícheál Ó Coileáin]] a chuaigh ansin. Ceaptar go raibh de Valera in éad leis an gCoileánach agus go raibh a fhios aige nach mbeadh aon duine in ann an Phoblacht a bhaint amach ó Lloyd George. Mar sin, chreid sé go gcaillfeadh an Coileánach a chuid tacaíochta, nuair a d'fhillfeadh sé abhaile i ndiaidh comhréiteach de chineál éigin a shocrú nach mbeadh inghlactha ag muintir na hÉireann. Deirtear go raibh [[Cathal Brugha]] ag tacú leis an bplean seo fosta. Is éadócha, áfach, go mbeadh de Valera agus Brugha d'aon ogham ag iarraidh cogadh cathartha a tharraingt anuas ar an tír.
 
==Roimh an gCogadh Cathartha==
Nuair a síníodh an Conradh, bhí daoine sa chaibinéad ar buile faoi. Bhí sé ar intinn ag de Valera iad a scor ar an toirt ach d'áitigh [[Liam Mac Cosgair]] orthu vóta a chaitheamh. Nuair a vótáil ceathrar duine ar a shon agus triúr ina aghaidh, socraíodh an Conradh a chur faoi bhráid na [[Dáil Éireann|Dála]]. Bhí díospóireacht shearbh ann ansin, nó bhí na daoine ag caitheamh anuas ar a chéile go láidir. Ní raibh siad sásta teacht in araicis a chéile ar aon nós, agus níor thángthas ar aon toradh nó comhréiteach a bheadh sásúil. Ansin, chuaigh na teachtaí ar saoire Nollag. Bhí deis acu, anois, fáil amach faoin dearcadh a bheadh ag lucht a dtacaithe ar an gceist seo, agus bhí formhór mór na cosmhuintire tinn tuirseach den chogadh. Is léir nach bhféadfadh na teachtaí a bheag a dhéanamh de thuairim an phobail agus í chomh láidir sin. Ba mhór an tionchar a d'imir saoire seo na Nollag ar thoradh deifnídeach na vótála.
 
Ar an [[16 Nollaig]], [[1922]], vótáil an Dáil ar son an Chonartha, trí vóta is trí scór in aghaidh sé vóta déag is dhá scór. D'éirigh de Valera as Uachtaránacht na Poblachta, agus lucht a leanúna ag tréigean na Dála sna sálaí aigesean. Bhí an dá thaobh ag maslú a chéile go searbh, agus ba léir nach raibh sé indéanta a thuilleadh na cúrsaí a thabhairt chun aontais. Cosúil leis an Dáil, chuaigh scoilt ar na hÓglaigh féin. I gcoitinne, chuaigh a lán daoine lena gceannfort áitiúil, agus sa deireadh, bhí mórchuid na nÓglach (go háirithe i g[[Cúige Mumhan]]) ag cur in aghaidh an Chonartha.
 
[[Íomhá:Firstdail.jpg|thumb|260px|An Chéad Dáil]]
Bhunaigh Mícheál Ó Coileáin agus [[Art Ó Gríofa]] rialtas sealadach le dul i mbun na gcumhachtaí a bhí na Sasanaigh le bronnadh ar Shaorstát nua Éireann. Ní raibh na frith-Chonraitheoirí, áfach, sásta urraim a thabhairt don rialtas seo. I Mí na Márta, 1922, d'fhógair Ard-Fheis na nÓglach go raibh an Dáil mídhleathach, ó bhí sí tar éis vóta a chaitheamh i bhfách leis an gConradh, agus nach dtabharfadh na hÓglaigh urraim feasta ach don choiste nua a cheap siad, mar atá, [[Feidhmeannas an Airm]]. B'é Feidhmeannas an Airm an t-aon rialtas dleathach a bheadh ann feasta, a mhaígh siad.
 
Ní raibh an Coileánach ná de Valera rófhonnmhar chun troid a chur ar a chéile, áfach. Bhunaigh an Coileánach Coiste Ath-Aontaithe an Airm leis na hÓglaigh a aontú arís, agus é ag áitiú ar lucht leanúna de Valera an chéad fheachtas olltoghchánaíochta sa Saorstát a chur in éineacht, le go bhféadfaí comhrialtas na náisiúnaithe go léir a chur ar bun i ndiaidh an toghcháin. Bhí sé ag iarraidh freisin ceannairí na bhfrith-Chonraitheoirí a bhréagadh chun comhoibrithe le geallúintí faoi bhunreacht Poblachtánach nach dtráchtfadh ar mhonarcacht na Breataine Móire ar aon nós. Ní ghlacfadh na Sasanaigh leis an gcineál sin bunreachta, áfach, agus iad ag bagairt ar an Saorstát imshuí iomlán trádála a chur ar Éirinn mura gcuirfí an Conradh i gcrích ina iomlán. B'éigean don Choileánach géilleadh dóibh, mar sin, agus bhí an t-athmhuintearas idir na Saorstátairí agus na Poblachtánaigh caillte ansin. Mar sin, chuaigh dhá chineál [[Sinn Féin]] chuig na toghcháin ar an ochtú lá déag de Mhí Iúil 1922: iad siúd a bhí ag cur in aghaidh an Chonartha agus iad siúd a bhí ag taobhú leis an gConradh agus leis an Saorstát. B'iad na páirtithe a bhí ag tacú leis an gConradh a bhain an toghchán go soiléir. Ní raibh na Poblachtánaigh sásta leis an toradh seo. Ní raibh sé de cheart ag an tromlach daonlathach féin a gcuid vótaí a chaitheamh ar mhaithe leis an gcúis chontráilte, a mhaígh de Valera.
 
Idir an dá linn, bhí an Coileánach agus a Rialtas Sealadach ag cur cuma agus caoi ar an Saorstát nua, agus iad ag féachaint le constáblacht agus arm ceart náisiúnta a chur in áit na nÓglach. Ós rud é, áfach, go raibh sé beartaithe ón tús go mbeadh na hÓglaigh ina ndúshraith d'fhórsaí armtha na hÉireann, b'acusan a fágadh an chuid ba mhó de bheairicí agus de threalamh cogaidh na Sasanach. Nuair a tháinig samhradh na bliana 1922, bhí beairicí na tuaithe ag na frith-Chonraitheoirí, agus an Rialtas Sealadach fágtha i muinín [[Bhaile Átha Cliath]] agus cúpla dúnfort eile, ar nós an Longfoirt, ina raibh mórchuid na nÓglach áitiúil ag tacú leis an gConradh.
 
==Leamhsháinn na gCeithre gCúirteanna==
[[Íomhá:Dublin four courts.JPG|deas|260px|thumb|[[Na Ceithre Cúirteanna]] inniu.]]
In Aibreán na bliana [[1922]], ghlac díorma de chuid na bhfrith-Chonraitheoirí seilbh ar [[na Ceithre Cúirteanna]] i mBaile Átha Cliath, agus [[Ruairí Ó Conchúir]] ina cheannfort orthu. Is é an rud a bhí i gceist acu ná na Sasanaigh a mhealladh chun catha leis an gConradh a chur ar neamhní, ionas go mbeadh na hÓglaigh aontaithe arís le cath a chur ar a sean-naimhde ar son na Poblachta. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach, nó bhí na Saorstátairí meáite ar a thaispeáint do na Gaill go mbeidís in ann na reibiliúnaithe a chloí agus síocháin a chur ar bun ina dtír féin go neamhspleách. Fuair an Coileánach é féin faoi bhrú mór buille a bhualadh ar son an tSaorstáit in aghaidh a iar-chomrádaithe féin. Bhí Art Ó Gríofa ag éileamh go n-imreofaí an lámh láidir ar an dream dobhogtha gan mhoill, ach b'fhearr leis an gCoileánach na Poblachtánaigh a fhágáil ag fanacht istigh sna Ceithre Chúirteanna, go dtí go dtuirseoidís de.
 
Íorónta go leor, b'é an Coileánach féin a tharraing na seantithe anuas air féin sa deireadh. Thug sé ordú [[Henry Hughes Wilson]], iar-Ghinearál Sasanach, a mharú, ó bhí Wilson ina chrann taca ag na h[[Aontachtóir|Aontachtóirí]] i gCúige Uladh, agus é ag tabhairt comhairle do Sir [[James Craig]] i gcúrsaí míleata. Is é an tátal a bhain [[Winston Churchill]] as an scéal, áfach, gurbh iad na frith-Chonraitheoirí a rinne é, agus bhagair sé go ngabhfadh na saighdiúirí dearga na Ceithre Cúirteanna, mura mbeadh an Coileánach sásta an áit a shealbhú le lámh láidir. Nuair a d'fhuadaigh na frith-Chonraitheoirí [[J.J. Ó Conaill]], ginearál de chuid [[Arm an tSaorstáit]], bhí foighne an Choileánaigh imithe, agus ar an 27ú lá de Mhí an Mheithimh, thug sé ordú na Cúirteanna a bhombardú leis na gunnaí móra a fuair sé ó na Sasanaigh.
 
==Eachtraí an Chogaidh==
===Tús===
[[Íomhá:cathalbrugha.JPG|clé|180px|thumb|[[Cathal Brugha]]]]
Ní féidir a rá nach mbeadh trioblóidí agus scirmisí de chineál éigin ar obair idir na Saorstátairí agus na Neamhrialtaigh le píosa maith ama cheana féin, ach b'é bombardú na gCúirteanna i mBaile Átha Cliath a chuir an cogadh ar siúl go deifinideach . Mhair an bombardú go dtí an tríochadú lá de Mhí an Mheithimh, ach ansin, ghabh na Saorstátairí an foirgneamh, agus ghéill na frith-conraitheoirí iad féin dóibh. Mhair cathanna Bhaile Átha Cliath roinnt laethanta ina dhiaidh sin, nó ghlac Óglaigh frith-Chonartha de chuid Bhriogáid Átha Cliath, agus [[Oscar Mac Tréinfhir]] mar cheannfort orthu, [[Sráid Uí Chonaill]] i lár na cathrach. Chaith siad conablach seachtaine ag cur troda ar na Saorstátairí, ach tháinig deireadh leis an gcogaíocht sráide ar an gcúigiú lá de Mhí Iúil. Fuair cúigear Óglach déag agus dhá scór bás sna cathanna seo, agus creidtear gur maraíodh dhá chéad go leith de shibhialtaigh de thaisme. B'é Cathal Brugha an duine ba mhó le rá a básaíodh sa teagmháil seo. Fágadh goin ar ochtar Óglach is fiche, agus chimigh na Saorstátairí breis agus leathmhíle de Phoblachtánaigh.
 
I ndiaidh na gcathanna i mBaile Átha Cliath, bhí an Rialtas Sealadach go hiomlán i seilbh na príomhchathrach, agus na frith-Chonraitheoirí scaipthe ar fud na gceantar tuaithe go háirithe i ndeisceart agus in iarthar na tíre. Bhí siad láidir i gCúige Mumhan ach go háirithe, agus iad ag tabhairt "[[Poblacht na Mumhan]]" ar an gcúige, ó nach raibh cumhacht ar bith ag an Saorstát sa chúige sin ag an am.
 
===An Dá Thaobh===
 
Nuair a phléasc an cogadh cathartha amach, b'éigean do na Saorstátairí agus na frith-chonraitheoirí ar fud na hÉireann cath a chur ar a chéile. Iad siúd a thacaigh leis an gConradh, glacadh leosan mar arm oifigiúil, agus b'iad na fórsaí frith-Chonartha a chloígh leis an ainm "[[IRA]]" feasta. Is é an port a bhí á chanadh ag na frith-chonraitheoirí go raibh siad ag cosaint na Poblachta a tháinig ar an bhfód nuair a d'eisigh na hÓglaigh Forógra na Poblachta i dtús [[Éirí Amach na Cásca]], ó bhí an forógra sin dearbhaithe ag [[an Chéad Dáil]]. Anois, agus an Saorstát i ndiaidh an Forógra sin a chaitheamh i dtraipisí go míchuí, b'iadsan an t-aon dream amháin a bhí fágtha den fhíor-Phoblacht, dar leo féin.
 
B'iad na ceannfoirt mhíleata, ar nós [[Liam Ó Loingsigh]], a chuaigh i gceannas ar na frith-chonraitheoirí anois. Dúirt de Valera nach mbeadh sé ag troid ach ina ghnáth-Óglach. Nuair a thosaigh an cogadh, bhí tacaíocht nár bheag leis na frith-Chonraitheoirí i measc na nÓglach, go háirithe san iarthar agus sa deisceart. Déanta na fírinne, ní raibh ach fear amháin ag na Saorstátairí in aghaidh gach beirt de chuid na bhfrith-Chonraitheoirí. Scéal eile ar fad é, áfach, nach raibh struchtúr ceart míleata ceannasaíochta ag an IRA, ná a ndóthain trealaimh , ná straitéis cheart cogaidh. Nuair a thosaigh siad ar an gcogadh, ní raibh acu ach sé mhíle seacht gcéad is ceithre scór de raidhfilí - is é sin, raidhfil amháin le haghaidh gach beirt - agus dornán meaisínghunnaí. D'éirigh leo, freisin, roinnt gluaisteán armúrtha de chuid na Sasanach a shealbhú, nuair a bhí siad siúd ag glanadh leo as Éirinn. Ní raibh gunnaí móra airtléire ag na frith-Chonraitheoirí, áfach, agus mar sin, ní raibh ach fód a gcosanta acu an chuid ba mhó den chogadh. Bhí airtléire ag na Saorstátairí, áfach, rud a chuir ar a gcumas an-ionsaí a dhéanamh.
 
Nó is amhlaidh go raibh an Coileánach agus lucht a leanúna ag fáil an-tacaíocht ó na Sasanaigh, idir airtléire, eitleáin, ghluaisteáin armúrtha, mheaisínghunnaí, ghunnáin, agus lón cogaidh. Thairis sin, ó b'iadsan a bhí i mbun an stáit, bhí siad in ann tuilleadh saighdiúirí a shlógadh, a earcú nó a choinscríobh. I ndeireadh na bliana 1922, bhí tríocha ocht míle saighdiúir in arm an tSaorstáit, is é sin, fiche míle ní ba mhó ná san IRA, agus i ndeireadh an chogaidh, bhí corradh is leathchéad míle saighdiúir ag an Saorstát - arm millteanach a bhí i bhfad ní ba mhó ná a mbeadh de dhíth ar an stát nuair a bheadh an tsíocháin ann. Le haghaidh a chuid fear, bhí an Coileánach i dtuilleamaí [[Aonad an Fhiannais]] i mBaile Átha Cliath, aonad scothaicme Bhriogáid Átha Cliath, nó b'eisean a bhí i gceannas ar an aonad seo nuair a bhí Cogadh na Saoirse ar siúl. Baisteadh ''[[Garda Átha Cliath]]'' ar an aonad seo nuair a tháinig an Saorstát ar an bhfód. Bhí cuid mhór de na fir seo ina mbaill de [[Scuad an Choileánaigh]], is é sin, an t-aonad feallmharfóireachta a bhí eagraithe aige, agus cuireadh ina leith gur thug siad drochíde as an ngnáth do chuid mhaith treallchogaithe de chuid an IRA.
 
An chuid ba mhó de na hoifigigh in arm an tSaorstáit, b'iar-oifigigh de chuid na nÓglach a thacaigh leis an gConradh i ndiaidh a gcuid féin den chath in aghaidh na Sasanach a chur. Tháinig an chuid ba mhó de na gnáthshaighdiúirí ó pháirceanna áir an Chéad Chogadh Domhanda, agus iad i ndiaidh seal a chaitheamh sna [[Fórsaí Armtha na Ríochta Aontaithe|saighdiúirí dearga]], mar sin.
 
===An Saorstát ag Sealbhú na gCathrach===
 
Mar a chonaic muid thuas, ní raibh an Saorstát i dtús an chogaidh ach i seilbh na príomhchathrach agus cúpla áit eile ina raibh ceannfort áitiúil na nÓglach ag tacú leis an gConradh. D'athraigh an scéal go mór, áfach, nuair a thosaigh mórionsaí an tSaorstáit.
 
Ar an aonú lá déag de Mhí Iúil, thosaigh an chogaíocht i [[Luimneach]]. Bhí an chathair faoi smacht na bhfrith-Chonraitheoirí, agus ceithre bheairice mhíleata na háite gafa acu. Ar an seachtú lá déag, tháinig an Ginearál [[Eoin Ó Dufaigh]] chun fortachta do na Saorstátairí sa chathair, agus míle go leith de shaighdiúirí leis, chomh maith le ceithre ghluaisteán armúrtha agus gunna mór airtléire. Chaith na frith-Chonraitheoirí trí lá ag iarraidh an fód a sheasamh in aghaidh na muintire isteach seo, ach is follasach nach raibh seans acu buachan ar dhíormaí an Dufaigh. Mar sin, thréig siad an chathair sa deireadh agus d'éalaigh siad ó dheas. Níor maraíodh ach ochtar Státairí agus tríocha frith-Chonraitheoirí sa teagmháil seo. Ní raibh mórán troda ar siúl i b[[Port Láirge]] ach an oiread, nuair a ghabh fórsaí an Ghinearáil Prút é idir an ochtú lá déag agus an ficheadú lá de Mhí Iúil.
 
Nuair a d'fhéach na Saorstátairí le ceantair thuaithe Chúige Mumhan a shealbhú, áfach, chuir na Poblachtánaigh an-troid orthu, go háirithe timpeall ar [[Cill Mocheallóg|Chill Mocheallóg]]. B'iad Óglaigh sheanchleachta [[Liam Ó Déasaigh|Liam Uí Dhéasaigh]] a tháinig ina n-araicis ansin, agus thart ar dhá mhíle acu ann. Mar sin, bhí siad ní ba líonmhaire ná díormaí an Dufaigh féin, agus gluaisteáin armúrtha acu a d'fhág na Sasanaigh ina ndiaidh. B'ansin a cuireadh na cathanna ba mhó le linn an chogaidh ar fad, agus fíorchogaíocht oscailte a bhí i gceist ansin, in áit na headarnaíochta is na luíochánaíochta a bhí i bhfad ní ba choitianta i bpáirceanna áir eile an chogaidh seo. Mhair cathanna Chill Mocheallóg ón dóú lá fichead de Mhí Iúil go dtí an cúigiú lá de Mhí Lúnasa, agus cailleadh lear mór d'fhir ar an dá thaobh. Sa deireadh thiar, b'éigean do Liam Ó Déasaigh agus a chuid fear an ceantar a thréigean, nuair a tháinig trúpaí athneartaithe de chuid an tSaorstáit i dtír ón bhfarraige ag [[An Pasáiste|an bPasáiste]] i gContae Chorcaí agus ag [[An Fhianait|an bhFianait]] i gContae Chiarraí, agus iad meáite ar na Poblachtánaigh a sháinniú.
 
B'iad an Coileánach agus an Dufach a tháinig ar an smaoineamh trúpaí a chur i dtír ón bhfarraige. Bhí eagla orthu go gcaithfeadh na díormaí cath i ndiaidh a chéile a chur agus cuid mhór fear a chailleadh, dá ndéanfaidís a mbealach trí Chúige Mumhan ar thalamh. Mar sin, fuair siad áis chúpla long shibhialta paisinéireachta le thart ar dhá mhíle saighdiúir a shá i gcroí "Phoblacht na Mumhan". Cleas an-chlifeartha cogaidh a bhí ann a chuir deireadh sciobtha le mursantacht na bhfrith-Chonraetheoirí ó dheas. I ndiaidh cathanna troma timpeall ar Bhaile an Róistigh, tuigeadh d'fhrith-Chonraitheoirí Chorcaí go raibh an cluiche caillte, agus chuir siad a mbeairicí trí thine sular scaip siad. Ar an deichiú lá de Mhí Lúnasa, ghabh na Saorstátairí cathair [[Chorcaigh]], agus ar an lá arna mhárach, thréig [[Liam Ó Loingsigh]] agus a chuid Óglach [[Mainistir Fhear Maí]], an chathair dheireanach i "bPoblacht na Mumhan".
 
Chuaigh na Saorstátairí ón bhfarraige i dtír in áit eile freisin, mar atá, i g[[Cuan Modh]] i g[[Contae Mhaigh Eo]]. Ceithre chéad fear a bhí ann chomh maith le gluaisteán armúrtha agus gunna mór. B'é [[Críostóir Ó Máille]] a bhí i gceannas ar na trúpaí seo, agus ghabh siad [[Cathair na Mart]] le fáilte a fhearadh roimh cholún eile de chuid an tSaorstáit, an ceann a bhí ag teacht ó [[Chaisleán an Bharraigh]], agus [[Seán Mac Eoin]] mar cheannfort air. Chuaigh colún eile go [[Contae Dhún na nGall]] le scaipeadh na mionéan a chur sna fórsaí frith-Chonartha i dTír Chonaill.
 
===An Cogadh faoin Tuath===
 
Bhí na cathracha gafa ag an Saorstát anois, ach ina dhiaidh sin féin, bhí na frith-Chonraitheoirí ar fud na tuaithe i gcuid nár bheag den tír, agus iad ag cur treallchogaíochta. Bhí trúpaí frith-Chonartha in ann an-troid a chur in Iarthar Chontae Chorcaí agus Chontae Chiarraí, chomh maith le [[Contae Phort Láirge]], Contae Mhaigh Eo agus [[Contae Shligigh]]. Cuireadh cathanna timpeall ar [[Dún Dealgan|Dhún Dealgan]] fosta, agus [[Proinsias Mac Aodhagáin]] i gceannas ar na Poblachtánaigh ansin. Ar dtús, b'fhearr leis an Aodhagánach fanacht neodrach i leith an dá thaobh sa chogadh, ach nuair a chaith na Saorstátairí i dtóin an phríosúin i n[[Dún Dealgan]] é, d'éalaigh sé agus a chuid fear as an ngéibheann agus d'imir siad díoltas ar na Státairí, agus iad ag cur treallchogaíochta orthu in aice leis an teorainn nua idir an Saorstát agus na Sé Chontae.
 
Thóg sé ocht mí eile ar na Saorstátairí an cogadh a thabhairt chun críche. Bhí an cogadh féin ag dul chun cruálachta, agus an fheallmharfóireacht is an bhrúidiúlacht ag dul i dtreise. Fuair Art Ó Gríofa bás le fuiliú na hinchinne ar an dóú lá déag de Mhí Lúnasa, agus deich lá ina dhiaidh sin, mharaigh na frith-Chonraitheoirí an Coileánach i luíochán i m[[Béal na mBláth]], Contae Chorcaí. B'é Liam Mac Cosgair a tháinig i gceannas ar rialtas an tSaorstáit anois, agus b'é an Ginearál [[Risteard Ó Maolchatha]] a ghlac le dualgaisí an ardcheannasaí mhíleata.
 
I Mí Dheireadh Fómhair, chuir de Valera Rialtas Poblachtánach dá chuid féin ar bun in éineacht le teachtaí frith-Chonartha na chéad Dála. Faoin am seo, áfach, níor thug aon duine aird air. Bhí na Poblachtánaigh ag cailleadh fóid go tapaidh, agus cibé scéal é, bhí siad dílsithe dá gcuid ceannfort míleata, seachas d'aon chineál rialtas sibhialta nó tofa.
 
===Deireadh Brúidiúil an Chogaidh===
 
Agus an cogadh ag druidim chun deiridh, tháinig brúidiúlacht i leaba na cogaíochta, agus tosaíodh ar chimí cogaidh a chur chun báis. Bhí an Coileánach ag iarraidh gan dul thar fóir leis an mbrúidiúlacht, agus é ag iarraidh an dá fhaicsean a thabhairt chun síochána. Ní raibh polasaí seo an athmhuintearais rathúil ar aon nós, áfach, nó mar is eol dúinn, b'é cabhóg an Choileánaigh féin é. I ndiaidh a bháis siúd, thug ceannairí nua an tSaorstáit, is é sin, an [[Taoiseach]] Liam Mac Cosgair, an [[Tánaiste]] [[Caoimhín Ó hUiginn]] agus an Ginearál Risteard Ó Maolchatha, thug siad droim láimhe leis an athmhuintearas agus chinn siad ar reibiliún na bhfrith-Chonraitheoirí a chloí le feachtas míthrócaireach sceimhle. Tar éis an tsaoil, bhí na Poblachtánaigh ag cur cogaidh ar rialtas dlíthiúil na tíre a raibh tacaíocht fhormhór mór na vótóirí leis.
 
Ar an gcúigiú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1922, rith [[Rialtas Sealadach an tSaorstáit]] [[Bille um Chumhachtaí Éigeandála]] sa Dáil, reacht a chuir ar chumas an Rialtais aon duine a chur chun báis ar thángthas air ag cur in aghaidh an Stáit agus arm tine leis. Mar sin, mharaigh an scuad lámhaigh ceathrar Óglach Poblachtánach a cimíodh ar an seachtú lá déag de Mhí na Samhna. Seachtain ina dhiaidh sin, básaíodh [[Robert Erskine Childers]], ó fuarthas piostal aige. Íorónta go leor, b'é an Coileánach a thug an piostal sin dó an chéad uair. Is léir go ndeachaigh na Poblachtánaigh ar mire nuair a chuala siad iomrá air seo, agus d'fhógair Liam Ó Loingsigh nár cheart aon duine de na Teachtaí Dála a fhágáil beo, ó bhí siad i ndiaidh "bille an mhíle murdar" a shíniú is a fhormhuiniú. Mar sin, mharaigh na frith-Chonraitheoirí roinnt Teachtaí Dála. Thairis sin, lámhach siad athair an Uiginnigh, rud a threisigh ar an bhfuath a bhí aige siúd ar na Poblachtánaigh, ní nárbh ionadh.
 
Mar sin, ar an seachtú lá de Mhí na Nollag, 1922, cuireadh ceathrar Poblachtánach ceannasach, duine ó gach [[Cúigí na hÉireann|cúige]], chun báis in éiric an chéad Teachta Dála a bhí maraithe ag na frith-Chonraitheoirí. B'iad an ceathrar fear sin ná [[Liam Ó Maoilíosa]], [[Risteard Bairéad]], [[Ruairí Ó Conchúir]] agus [[Seosamh Mac Giolla Bhuí]]. Ós rud é nach raibh an bille ar leabhar na reacht go fóill nuair a cimíodh an ceathrar seo, bású mídhlíthiúil a bhí ann.
 
Sa deireadh thiar, cuireadh seachtar Poblachtánach déag is trí scór chun báis ar an dóigh seo. De ghnáth, b'iad na cúirteanna airm a ghearr na pionóis bháis seo, agus ba leor duit a bheith i seilbh arm tine le tú a chur chun báis. An chuid ba mhó de na daoine a básaíodh, bhí siad á gcoinneáil i mbraighdeanas i g[[Cill Mhaighneáin]] nó i [[Muinseó]] i mBaile Átha Cliath, ach cuireadh an chorrdhuine chun báis in áiteanna eile sa tír, i d[[Trá Lí]] mar shampla. Sheachain [[Earnán Ó Máille]] scuad an lámhaigh, ó bhí sé gonta go dona nuair a cimíodh é, agus shíl na Státairí nach raibh cuid a dhaortha ná cuid a lámhaigh fágtha san fhear bocht. Níor básaíodh Liam Ó Déasaigh, ach an oiread, nó bhí sé sásta forógra a shíniú ina raibh sé ag éileamh ar na frith-Chonraitheoirí na hairm a dhumpáil agus iad féin a ghéilleadh d'fhórsaí an tSaorstáit.
 
Amach ó na básuithe oifigiúla, dúnmharaíodh cuid mhaith daoine go mídhlíthiúil, go háirithe i gCiarraí. Shiúil an bás ar na frith-Chonraitheoirí go háirithe i Mí na Márta sa bhliain [[1923]]. B'é an t-eachtra ba bhrúidiúla a tharla ansin ná an dóigh ar cuireadh ceangal na gcúig gcaol ar naonúr Poblachtánach timpeall ar mhianach talún. Maidhmeadh an pléascán agus cuireadh críoch ar an obair le meaisínghunna. Iontas na n-iontas, fágadh fear amháin acu beo ina dhiaidh sin féin, agus siúd is go bhfuair sé íde uafásach, d'éirigh leis a éalú a dhéanamh ón áit sular tháinig na hadhlacóirí. Díoltas ab ea é an t-ainghníomh seo as an m[[bobghaiste]] a mharaigh cúigear Saorstátairí roimhe sin.
 
Níorbh é seo an t-aon eachtra amháin dá chineál féin é, nó pléascadh cúigear cimí Poblachtánacha in aice le [[Cill Áirne]] agus ceathrar eile i g[[Cathair Shaidhbhín]]. B'é [[Pádraig Ó Dálaigh]], ceannfort Ghardaí Átha Cliath, a bhí freagrach as na huafáis seo, ach is é an insint a chuir sé féin ar an scéal ná gur maraíodh na cimí nuair a bhí siad ag baint an dochair de phléascáin talún de chuid na bPoblachtánach. Thacaigh an Ginearál Ó Maolchatha leis an ráiteas seo, agus bhí sé oifigiúil go ceann i bhfad, go dtí gur tháinig an fhírinne chun solais.
 
Tháinig an tsíocháin i Mí na Bealtaine sa bhliain 1923, ach níor chuir sé deireadh leis an dúnmharfóireacht seo. Mar shampla, d'fhuadaigh na Saorstátairí [[Nollaig Lemass]], deartháir [[Seán Lemass|Sheáin]], i Mí Iúil 1923, agus dhumpáil siad a chorpán marbh i sléibhte [[Cill Mhantáin|Chill Mhantáin]], i gcóngar do [[Gleann Cria|Ghleann Cria]], áit ar thángthas air i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain chéanna.
 
Cruálach is uile mar a bhí an feachtas dúnmharfóireachta seo, ní féidir a rá nach gcuideodh sé leis na Saorstátairí an lámh in uachtar a fháil ar iarsmaí na bhfrith-Chonraitheoirí. Ní raibh na Poblachtánaigh ábalta cath éifeachtúil a chur ar na Státairí, ós rud é nach raibh an daonra sibhialta fonnmhar dídean a thabhairt dóibh anois, mar a bhí le linn [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Chogadh na Saoirse]]. Ní raibh an [[Eaglais Chaitliceach]] sásta tacú leo ach an oiread, nó d'eisigh easpaig na hÉireann comhráiteas inar fhógair siad go raibh na frith-Chonraitheoirí eascoiteannaithe ón g[[Comaoineach Naofa]] agus ón bh[[Faoistin]]. De cheal tacaíochta, chuaigh feachtas na bhfrith-Chonraitheoirí in éag. Ghéill Liam Ó Déasaigh é féin d'fhórsaí an tSaorstáit i Mí Feabhra 1923, agus é ag áitiú ar na Poblachtánaigh eile a shampla féin a leanúint.
 
Ar an deichiú lá de Mhí Aibreáin 1923, fuair Liam Ó Loingsigh bás i bpáirc an áir i gContae Phort Láirge. Tháinig Proinsias Mac Aodhagáin i gcomharbas air. I ndeireadh Mhí Aibreáin, d'fhógair sé sos cogaidh, agus go gairid ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh sé forógra do na frith-Chonraitheoirí, inar iarr sé orthu dí-armáil agus éirí as an gcogaíocht nach raibh ciall ná cuspóir léi a thuilleadh.
 
===Dílseoirí á n-ionsaí===
 
Fág is gurb é an Conradh ba trúig don chogadh ar dtús, bhí sé de chlaontacht sna frith-Chonraitheoirí an chúis a chomhionannú le cúis na mbocht is na nocht. Mar sin, d'ionsaigh siad úinéirí saibhre talún ar Phrotastúnaigh iad, agus ar ndóigh, ní raibh na feirmeoirí beaga sábháilte ach an oiread, má bhí an creideamh mícheart acu, nó má thaobhaigh siad leis an dream mícheart. Is iomaí duine acu seo a thacaigh leis na Sasanaigh nuair a bhí Cogadh na Saoirse á chur, ach bhí daoine ina measc nár thacaigh, freisin. Mar sin, bhí blas den tseicteachas ag baint le hionsaithe den chineál seo, siúd is nach raibh mórán luiteamais ag na frith-Chonraitheoirí le Caitlicigh ach an oiread, más dílseoir a bhí ann - is é sin, duine a thacaigh leis na Sasanaigh le linn an chéad chogadh. D'fhéach rialtas an tSaorstáit leis na Protastúnaigh a chosaint ar na hionsaithe seo, agus cuireadh constáblacht ar leith ar bun i g[[Contae Lú]] ar an séala seo. Ábhar conspóide is ea iad i gcónaí na hionsaithe [[Seicteachas|seicteacha]] a rinneadh ar na Protastúnaigh le linn na h[[ainriail|ainrialach]] i ndiaidh an Chogaidh Chathartha.
 
==Torthaí==
 
Ceann de na cogaí ba fhuiltí in Éirinn riamh ab ea é an Cogadh Cathartha. Is iomaí gníomhaí tábhachtach de chuid ghluaiseacht an neamhspleáchais a bhásaigh dá dheasca, cosúil le [[Mícheál Ó Coileáin]] féin. Rinne an dá thaobh ainghníomhartha agus coireanna. Mharaigh na frith-Chonraitheoirí roinnt mhaith Teachtaí Dála, agus chuir siad trí thine tithe a raibh fiúntas agus luach stairiúil ag roinnt leo, cosúil le [[Halla Uí Mhórdha]] i [[Maigh Eo]], ó tharla go raibh úinéir na háite in éis suíomh [[Seanad]]óra a bhaint amach. Mar a chonaic muid thuas, chuir an rialtas sealadach cimí frith-Chonartha chun báis ar bhealach mídhlíthiúil. Fuair ceithre chéad saighdiúir de chuid an tSaorstáit bás i machaire an áir, agus creidtear gur maraíodh ceithre mhíle duine ar fad. Fiú nuair a bhí siad ag cúlú roimh na Saorstátairí, rinne na Poblachtánaigh an-dochar d'infrastruchtúr agus do gheilleagar na tíre, agus bhí eacnamaíocht na hÉireann i bhfad ag fáil bisigh ón léirscrios sin. Thairis sin, cuireadh thart ar dhá mhíle déag d'fhrith-Chonraitheoirí i m[[Imtheorannú|braighdeanas]] i ndiaidh an chogaidh, agus níor scaoileadh an chuid ba mhó acu saor roimh an mbliain [[1924]]. Nuair a d'fhógair Proinsias Mac Aodhagáin deireadh an fheachtais, chuaigh ocht míle cime cogaidh ar stailc ocrais mar agóid in aghaidh an dóigh a rabhthas ina gcoinneáil i bpríosún i gcónaí.
 
Tá siadsan ann, áfach, a deir nár thiontaigh an cogadh amach leath chomh fuilteach agus a d'fhéadfadh sé: is féidir é a chur i gcomparáid le [[Cogadh Cathartha na Spáinne|cogadh cathartha na Spáinne]] nó [[Cogadh Cathartha na Rúise|na Rúise]]. Thairis sin, níor ghlac [[Garda Síochána|an Garda Síochána]], constáblacht úrbhunaithe an tSaorstáit, páirt ar bith sa chogadh. Mar sin, bhí fórsa láidir póilíneachta ag an stát ó thús, fórsa a bhí neamharmtha neamhpholaitiúil go hiomlán.
 
Cuireadh an cogadh idir dhá fhaicsean de náisiúnaithe. Mar sin, rinneadh neamhshuim de cheist an oirthuaiscirt. Dá mb'é an réigiún sin a bheadh i gcroílár an chogaidh, is dócha gur cogadh seicteach amach is amach a bheadh ann, agus na sluaite móra de shibhialtaigh á marú ar chúiseanna seicteacha. Le fírinne, b'é an cogadh cathartha idir na hÉireannaigh féin ba phríomhchúis leis gur tháinig an stáitín Oráisteach slán as an bhfaopach ar fad. Nó bhí sé pleanáilte ag an gCoileánach cheana féin feachtas treallchogaíochta a chur ar an oirthuaisceart, agus b'é an cogadh cathartha amháin a tháinig idir é agus an scéim seo. Mar a fheictear an scéal dúinn inniu, is iontach linn nár chuir na hÓglaigh thuaidh aon troid ar údaráis an stáitín, ach is amhlaidh go raibh an chuid ba mhó acusan sásta dílseacht a thabhairt don Choileánach agus don tSaorstát. Chuaigh tuilleadh is míle óglach ón oirthuaisceart sna saighdiúirí sa Saorstát, fiú.
 
I ndiaidh an chogaidh, bhí Eamon de Valera i bhfad ag iarraidh áitiú ar na frith-Chonraitheoirí i Sinn Féin glacadh leis an Saorstát mar uirlis pholaitiúil a bhféadfaí leas a bhaint aisti le saoirse iomlán a bhaint amach d'Éirinn. Nuair nach raibh formhór an pháirtí sásta leis an smaoineamh seo, thréig de Valera Sinn Féin in éineacht le lucht a leanúna, Proinsias Mac Aodhagáin ina measc, agus bhunaigh siad páirtí Poblachtánach nua, Fianna Fáil - páirtí a bhí "beagáinín bunreachtúil" nó "cineál bunreachtúil", mar a dúirt de Valera féin (''slightly constitutional'' an bunleagan [[Béarla]]). Níor fágadh mórán de Shinn Féin ann, mar pháirtí. Bhí an tIRA i bhfad ní ba mhó agus ní ba láidre ná riamh, agus ar feadh tamaill, ba nós leis na hÓglaigh Phoblachtánacha meas "a bpáirtí féin" a bheith acu ar Fhianna Fáil, go dtí gur chuir de Valera cosc ar an bPoblachtánachas míleata sa bhliain [[1936]].
 
Mar is dual do gach cogadh cathartha, d'fhág Cogadh na gCarad in Éirinn goimh fhadsaolach ina dhiaidh, agus má tháinig cneasú thar an ngoimh sin, ní leigheas iomlán a bhí ann. Inniu féin, is iad Fianna Fáil agus Fine Gael an dá pháirtí is cumhachtaí sa tír, is é sin, an dá pháirtí a sheasann do dhá thaobh an chogaidh seo. Go dtí na seachtóidí, ní raibh polaiteoir sinsearach le fáil in Éirinn nach mbeadh ina chrannlaoch de chuid an Chogaidh Chathartha, rud a d'fhág cuid mhaith drochfhola idir an dá pháirtí is mó. Seansaighdiúirí de chuid na bPoblachtánach ab ea iad Éamon de Valera, Proinsias Mac Aodhagáin, [[Críostóir Stiofán Mac Aindreasa]], agus Seán Lemass, agus ba Saorstátairí iad Liam Tomás Mac Cosgair, Risteard Ó Maolchatha, agus Caoimhín Ó hUiginn. Thairis sin, chuaigh cuid mhór de shliocht na bhfear seo agus de shliocht a sleachta leis an bpolaitíocht, rud a choinnigh an tseanghoimh beo. Sna tríochaidí, i ndiaidh d'Fhianna Fáil na toghcháin a bhaint an chéad uair, bhí an chuma ar an scéal ar feadh tamaill go raibh an cogadh cathartha le pléascadh amach arís, agus na [[Léinte Gorma]], eagraíocht armtha de chuid na Saorstátairí, ag siúl na sráideanna. Ar ámharaí an tsaoil, maolaíodh ar an ngéarchéim de réir a chéile. Nuair a tháinig na caogaidí, bhí sé sábháilte a rá gur fhág an gunna an pholaitíocht ar an taobh theas den [[An Teorainn|teorainn]].
 
 
[[Catagóir:Cogadh Cathartha na hÉireann]]
 
 
[[ca:Guerra Civil Irlandesa]]
[[de:Irischer Bürgerkrieg]]
[[en:Irish Civil War]]
[[es:Guerra civil irlandesa]]
[[eu:Irlandako Gerra Zibila]]
[[fi:Irlannin sisällissota]]
[[fr:Guerre civile irlandaise]]
[[gl:Guerra Civil Irlandesa]]
[[hr:Irski građanski rat]]
[[id:Perang Saudara Irlandia]]
[[it:Guerra civile irlandese]]
[[ja:アイルランド内戦]]
[[ko:아일랜드 내전]]
[[no:Den irske borgerkrig]]
[[pl:Irlandzka wojna domowa]]
[[ru:Гражданская война в Ирландии]]
[[sv:Irländska inbördeskriget]]
[[zh:爱尔兰内战]]