An difríocht idir athruithe ar: "CLG Átháin"

Content deleted Content added
m nasc:Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh
mNo edit summary
Líne 17:
socks1 = 008000 |
}}
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''Átháin'''. Tá sé bunaithe i bparóiste Chaisleáin Uí Chonaill ar bhruach thoir [[An tSionainn|na Sionnainne]], 10km soir ó thuaidh ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór dá imreoirí ó bhaile Caisleán Uí Chonaill, sráidbhaile Montpelier agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Lios na Graí, Átháin agus Guaig. Imrítear ach [[iománaíocht|iomáint]] agus [[peil Ghaelach|peil]] ach bhí béim an chlub i gcónaí go láidir ar an iomáint óna bhunú.
 
Bunaíodh an club sa bhliain 1926. Roimhe sin, bhí dhá chlub eile sa pharóiste ó bhlianta tosaigh CLG, Caisleán Uí Chonaill, a bhuaigh craobh iomána sinsear an chontae sa bhliain 1909, agus Cnoc na Sailí, buaiteoirí na craoibhe sa bhliain 1900. Ach maraon lena lán clubanna eile sa chontae, thiteadar as a chéile le linn na [[Cogadh na Saoirse (Éire)|dTrioblóidí]] agus [[An Chéad Cogadh Domhanda]].