An difríocht idir athruithe ar: "Litríocht na Gaeilge"
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
Guliolopez (plé | dréachtaí) Tidy |
||
Líne 1:
Áirítear '''litríocht na Gaeilge''' ar ceann de na traidisiúin [[litríocht|liteartha]] is sine
Is follasach gurb í an litríocht chráifeach an litríocht ba sine i Sean-Ghaeilge, agus gur theastaigh ó na manaigh Éireannacha ábhar reiligiúnda a scríobh do na daoine ina dteanga dhúchais féin. Is dócha gur cumadh na chéad iomainn eaglasta agus na chéad urnaithe fileata sa Ghaeilge chomh moch leis an [[16ú haois|séú haois]]. Is é ''Amra Choluim Chille'' an píosa is sine den chineál seo litríochta atá fágtha againn. Gaeilge thar a bheith seanársa atá ann, níos ársa fiú ná an chuid is mó den tSean-Ghaeilge, agus cuma sheanfhaiseanta ar an meadaracht a chleachtaítear ansin fosta. Is dóigh leis na saineolaithe gurbh é Dallán Forgaill a cheap an saothar seo i ndeireadh na séú haoise, nuair a fuair [[Colm Cille]] bás.
Sa tréimhse chéanna a scríobhadh ''Félire Oengusso''. Mar is léir ón teideal, féilire atá ann agus é scríofa i bhfoirm fhileata: tá dán ansin do gach lá i rith na bliana, agus ábhar reiligiúnda ann, nó tugann gach dán acu seo cur síos ar naomh an lae agus ar na héachtaí a rinne sé ar mhaith leis an gcreideamh.
Saothar tábhachtach eile den chineál chéanna is ea ''Saltair na Rann'' ó dheireadh na deichiú haoise.
{{síol}} ▼
==Naisc sheachtracha==
Line 20 ⟶ 14:
*[http://www.clarelibrary.ie/eolas/coclare/literature/bardic/notes.htm Clare's Gaelic Bardic Tradition]
[[Catagóir:Litríocht Éireannach]]
[[en:Gaelic literature]]
|