An difríocht idir athruithe ar: "CLG Pailís na Gréine"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 17:
socks1 = 0000ff |
}}
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''Pail na Gréine'''. Tá sé bunaithe i bparóiste Pailís na Gréine in Oirthar Luimnigh, 22km soir ó dheas ó [[Luimneach|Cathair Luimnigh]]. Tagann formhór dá imreoirí ó na bailte Pailiís Na Gréine, An Seanphailís agus An Coinicéar agus sna ceanntracha tuaithe maguaird. Tá club eile [[CLG An Cnocán (Luimneach)|An Cnocán]] sa leath theas den pharósite timpeall Carraig an tSáirséalaigh. Imrítear [[peil Ghaelach|peil]] agus [[iománaíocht|iomáint]]. Cé go raibh traidisiún na peile níos láidre sa pharóiste suas go dti [[An Dara Chogadh Domhanda]], tá an béim céanna ar an dá chód sa chlub faoi láthair.
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Pailís na Gréine'''.
 
Bunaíodh an club go hoifigiúil sa bhliain 1887 i gceanntar ina raibh cluichí Gaelacha á imirt ar feadh blianta roimh bhunú [[Cumann Lúthchleas Gael]]. Bhí trí fhoireann peile láidir ann le linn blianta na 1890í agus d’aistirgh imreoirí idir Pailís na Gréine, [[CLG An Cnocán (Luimneach)|An Cnocán]] agus [[CLG Úlla|Úlla]] ó bhliain go bliain. San am chéanna, bhí mór-tradisiúin lúthchleasaíochta sa pharóiste chomh maith, go mór mór i gcaitheamh an mheácain, an chasúir agus an teasc, agus é eagraithe mar chuid den chlub. D’éirigh le fear as an bPailís, Pádraig Ó Riain, bonn ór a bhuachaint sa chasúr i g[[Cluichí Oilimpeacha]] na bliana 1920 agus é ar fhoireann [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Mheiriceá]].
 
Bhuaigh Na Trádálaithe ar [[Pailís na Gréine|Phailís na Gréine]], a bhí nascaithe leis An gCnocán faoin ainm ''Pailís Aontaithe'' sa bhliain sin, i gcluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] sa bhliain 1897 agus bhí roinnt imreoirí ón bparóiste ar fhoireann [[Úlla|Úlla]] a ghabh an chorn sa bhliain 1900. Shroich An Cnocán an cluiche cheannais dhá bhliain ina dhiaidh sin ach chailleadar i gcoinne Na Trádálaithe.
 
Maraon le mórán ceanntracha eile i ndeisceart agus in oirthear an chontae, d’fhás an iomáint go tapaidh sa chuid thuaidh den pharóiste le linn blianta na 1900í agus bhuaigh Paili na Gréine Craobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh don chéad uair sa bhliain 1915. Níor raibh an ádh ag an gclub i gomórtaisí an chontae suas go ti deireadh [[An Dara Cogadh Domhanda]] nuair a rugadar Craobh Sóisear na peile leo sna blianta 1948 agus 1956 agus an iomáint arís sa bhliain 1958.
 
 
==Naisc sheachtracha==