An difríocht idir athruithe ar: "Úsáideoir:MALA2009/Bostún"

Content deleted Content added
Gar77 (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is é '''Bostún''' (a fhuaimnítear /ˈbɒstən/) príomhchathair Chomhlathas [[Massachusetts]], agus tá sé i measc na gcathracha is sine sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]]. Ní hamháin gurb é Bostún an chathair is mó i gComhlathas [[Massachusetts]], ach is é an chathair is mó in [[New England]] chomh maith. Meastar gurb é lár eacnamaíoch agus cultúrtha an réigiúin é, agus ceaptar freisin uaireanta gurb é príomhchathair neamhoifigiúil [[New England]] é. Sa bhliain 2007, measadh go raibh daonra de 608,352 i gcathair Bhostúin féin, rud a chiallaíonn gurb é an 21ú cathair is mó sa tír. Chomh maith leis sin, freastalaíonn an chathair ar mhórcheantar uirbeach ar a dtugtar Bostún Mór (''Greater Boston'') ina gcónaíonn 4.4 milliún duine, agus is é an deichiú mórcheantar uirbeach is mó sa tír é. Áirítear [[Rhode Island]], [[New Hampshire]] agus [[Maine]] i réigiún comaitéireachta Bhostúin Mhóir. Cuimsíonn an réigiún 7.4 milliún duine, rud a chiallaíonn gurb é an cúigiú Comhcheantar Staitistiúil is mó sa tír.
 
Sa bhliain 1630, bhunaigh coilínigh Phiúratánaigh ó [[Sasana|Shasana]] an chathair ar Leithinis Shawmut. Tharla roinnt mórimeachtaí i mBostún ag deireadh an ochtú haois déag le linn Réabhlóid Mheiriceá, lena n-áirítear an Sléacht i mBostún agus an [[Boston Tea Party]]. Tharla roinnt luathchathanna de Réabhlóid Mheiriceá sa chathair agus sa cheantar máguaird, ar nós Cath Bunker Hill agus Léigear Bhostúin. D’fhás Bostún thar maoil na leithinise de bharr míntírithe talún agus nascghabhála cathrach. Tar éis do Mheiriceá a neamhspleáchas a bhaint amach, d’fhorbair Bostún mar mhórphort loingis, agus meallann a stair shaibhir 16.3 milliún cuairteoir in aghaidh na bliana. Ba chathair cheannródaíoch é ar roinnt bealaí, agus ba ann a bhí an chéad scoil phoiblí i Meiriceá, Scoil Laidine Bhostúin (1635), agus an chéad ollscoil, [[Coláiste Harvard]] (1636), lonnaithe in Cambridge, Massachusetts. Ba i mBostún chomh maith a thosaigh an chéad chóras traenach faoi thalamh sna Stáit Aontaithe.
 
Is lárionad ardoideachais é Bostún de bharr an iliomad coláistí agus ollscoileanna sa chathair agus sa cheantar máguaird, agus is lárionad leighis é freisin. Chomh maith leis sin, tá geilleagar na cathrach bunaithe ar thaighde, ar airgeadas agus ar theicneolaíocht, go háirithe an bhiteicneolaíocht. Tá uaisliú ag tarlú i mBostún faoi láthair agus tá an costas maireachtála i measc na gcinn is airde sna Stáit Aontaithe, cé go mbíonn áit ard aige fós i rangú ináitrithe (livability rankings) an domhain.