An difríocht idir athruithe ar: "CLG Cathair Laighin"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 7:
iomáint = Idirmheánach |
dathanna = Gorm is bán |
páirc = Páirc Cuimhneacháin an tAthair Uí Aodha, Boscail, Cathair Chinn Lis, Contae Luimnigh |
pattern_la1 = |
pattern_b1 = _whitehorizontal |
Líne 17:
socks1 = 0000ff |
}}
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''Cathair Laighin'''. Tá sé bunaithe i bparóiste Cathair Chinn Lis/Cathair Laighin in Oirthear {Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]], 14km soir ó dheas ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór imreoirí Chathair Laighin as baile Cathair Chinn Lis, sráidbhaile Cathair Laighin agus na ceanntracha tuaithe maguaird ar nós Céad Acra, Baile Bhrúid, Boscaill agus Dún Mhaoláin. Imrítear ach [[iománaíocht|an hiomáint]] amháin sa chlub agus tá sé nascaithe le [[CLG Cathair Chinn Lis|Cathair Chinn Lis]], an dara club sa pharóiste, i gcomhair na [[peil Ghaelach|peile]].
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Cathair Laighin '''.
 
Fiú amháin roimh bhunú [[Cumann Lúthchleas Gael|Chumann Lúthchleas Gael]], imríodh an-chuid iomána in oirthuaisceart Chontae Luimnigh agus nuair a eagraíodh comórtaisí go hoifigiúil, b’iad clubanna na háite ar nós [[CLG Máigh Rua/An Bóthar|Máigh Rua]], [[CLG Saor Theas|Saor Theas]] agus [[CLG Máigh Rua/An Bóthar|An Bóthar]] a tháinig ar dtús chun tosaigh. Tháinig an seans chuig Cathair Laighin sa bhliain 1896 nuair a bhuadar [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] don chéad uair. Chailleadar cluiche cheannais na bliana 1898 tar éis athimirte nár chríochnaíodh agus tháinig [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|corn an chontae]] ar ais chuig an bparóiste sna blianta 1905 agus 1907.
 
Nuair a bhuaigh [[CLG Clochán (Luimneach)|Clochán]] orthu i gcluiche cheannais [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|sinsear an chontae]] na bliana 1916, tháinig meath tobann ar iomáint an chluib. Ba dheachair dóibh imirt le linn na [[Cogadh na Saoirse|dTrioblóidí]] agus, nuair a atheagráiodh na comórtaisí, thit Cathair Laighin síos go dti an grád sóisear. Cé gur bhuadar Craobh Iomána Sóisear an Chontae sna blianta 1927 agus 1931, bhíodar faoi scáth na trí chlub mhór [[CLG Átháin|Átháin]], [[CLG Cromadh|Cromadh]] agus Éire Óg agus theip orthu dul chun chinnn a dhéanamh sa ghrád sinsear.
 
Ba chlub sóisear i gcónaí é Cathair Laighin ó bhlianta na 1940í go dti an bhliain 2008. Níor éirigh leo Craobh Iomána Sóisear Oirthear Luimnigh a bhuachaint go dti an bhliain 1971. Tar éis cluiche cheannais i gcoinne [[CLG An Gleann Rua (Luimneach)|An Gleann Rua]] sa bhliain 1974 agus i gcoinne [[CLG An Caisleán Nua Thiar|An Chaisleáin Nua Thiar]] sa bhliain 2001, tháinig iomáint idirmheánach chuig Cathair Laighin faoi dheireadh nuair a bhuadar Craobh Iomána Sóisear an Chontae don tríú uair sa bhliain 2007.
 
Tá páirc imirthe Chathair Laighin, Páirc Cuimhneacháin an tAthair Uí Aodha, suite i mBoscaill, 1km ó dheas ó bhaile Chathair Chinn Lis ar bhóthar Bhaile an Mhistéalaigh. Is í príomh-ionad cluichí Gaelacha in Oirthear Luimnigh.
 
Ba Val Ó Murnáin (''Val Murnane'') as Cathair Laighin cúl báire foireann Luimnigh a bhuaigh Croabh Ioána Sóisear na hÉireann sa bhliain 1984.
 
 
==Naisc sheachtracha==