An difríocht idir athruithe ar: "CLG Naomh Pádraig (Luimneach)"

Content deleted Content added
No edit summary
Tuilleadh eolais
Líne 22:
Is é Naomh Pádraig an club CLG is sine i gCathair Luimnigh. Bunaíodh sa bhliain 1886 é agus tá sé ag imirt an dá chód gan stad ón am sin i leith. Ba pharóiste tuaithe ar imeall na cathrach é Naomh Pádraig ag an am sin agus chabhraigh sin go mór le aitheantas ar leith a spreagadh i measc baill an chluib. Lasmuigh de [[CLG Clochán (Luimneach)|Chlochán]], ní théann stair leanúnach aon chluib eile sa chathair níos sine ná an bhliain 1962.
 
Ba chlub an-láidir é Naomh Pádraig le linn blianta tosaigh an CLG agus bhuadar [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] sna blianta 1890 agus 1891. D’éirigh leo arís sna blianta 1943, 1944 agus 1954. Tháinig [[Craobh Iomána Sinsear Contae Luimnigh|Corn Iomána Sinsear an Chontae]] go dti An Réabóg sna blianta 1949 agus 1950. Ach thit iománaithe agus peileadóirí an chlub síos go dti grád sóisear le linn blianta na 1980í. Le linn blianta deiridh na 1990í, cuireadh an-iarracht isteach sna fóirne óga agus tháinig ar an obair sine nuair a bhuaighghabh Naomh Pádraig Craobh Peile Sóisear A Chontae Luimnigh sa bhliain 2005 i ndiaidh an bua a fháil ar [[CLG Cnoc Uí Choileáin|Chnoc Uí Choileáin]] sa chluiche ceannais.
 
Tá an club ag imirt i bPáirc Phádraig sa Réabóg le blianta fada agus osclaíodh a ath-fhorbairt sa bhliain 1997.