An difríocht idir athruithe ar: "Úsáideoir:MALA2009/Lady Gregory"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Drámadóir agus béaloideasóir Éireannach a bhí sa '''Bhantiarna Isabella Augusta Gregory,''' née '''Isabella Augusta Persse''' (15 Márta 1852 — 22 Bealtaine 1932). Ba í an Bhantiarna Gregory, chomh maith le [[William Butler Yeats]] agus daoine eile, a bhunaigh [[Amharclann Liteartha na hÉireann]] agus [[Amharclann na Mainistreach]] agus scríobh sí cuid mhaith don dá chompántas seo. Scríobh an Bhantiarna Gregory roinnt leabhar arb athinsint iad ar scéalta miotaseolaíochta na hÉireann. I measc aicme a raibh gaol ar leith aici le rialú ón mBreatain a rugadh agus tógadh í ach thiontaigh sí a haird ar náisiúnachas cultúrtha, rud atá soiléir óna cuid scríbhneoireachta, agus ba léiriú é seo ar na hathruithe uile a thit amach in Éirinn lena linn.
Cuimhnítear ar an mBantiarna Gregory go háirithe mar gheall ar an obair a rinne sí ar son [[Athbheochan Liteartha na hÉireann]]. B’áit thábhachtach é baile na Bantiarna Gregory i b[[Páirc na Cúile]], [[Contae na Gaillimhe]], ar bhuail daoine mór le rá na hAthbheochana le chéile, agus bhí an obair a rinne sí mar bhall de bhord Amharclann na Mainistreach chomh tábhachtach do dhul chun cinn na hamharclainne is a bhí a cuid scríbhneoireachta cruthaithí. Fuair an Bhantiarna Gregory an mana seo aici ó [[Arastatail]]:
== Luathshaol agus pósadh ==
Bhí an Bhantiarna Gregory ar an iníon ab óige de chlann Persse.
Phós sí [[Sir William Henry Gregory]], baintreach fir a raibh eastát aige ag
Líne 15:
Thaistil an Bhantiarna Gregory agus a fear sa tSiolóin, san India, sa Spáinn, san Iodáil agus san Éigipt. Agus í san Éigipt bhí caidreamh seachphósta ag an mBantiarna Gregory leis an bhfile Sasanach, [[Wilfrid Scawen Blunt]] agus le linn an chaidrimh seo scríobh sí sraith dánta grá darb ainm ''A Woman's Sonnets''. D’fhoilsigh Blunt na dánta seo tamall ina dhiaidh faoina ainm féin.
Ba é ''Arabi and His Household'' (1882) an chéad saothar a chuir sí amach faoina hainm féin. Ba phaimfléad é seo – a scríobhadh ar dtús mar litir chuig an bpáipéar nuachta ''The Times'' – a thug tacaíocht d’[[Ahmed Orabi Pasha]]. Ba cheannaire é seo ar éirí amach náisiúnaí na hÉigipte
Lean an Bhantiarna Gregory uirthi ag scríobh próis fad is a bhí sí pósta. Nuair a bhí a fear céile sa tSiolóin i ngeimhreadh na bliana 1883, d’oibrigh sí ar shraith cuimhní cinn a bhain le teach a hóige. Bhí sé ar intinn aici an saothar seo a fhoilsiú faoin teideal ''An Emigrant’s Notebook'', ach d’éirigh sí as an bplean seo. Scríobh sí roinnt mhaith gearrscéalta sna blianta 1890 agus 1891 fosta, cé nár cuireadh i gcló iad seo riamh ach oiread. Maireann roinnt dánta ón tréimhse seo chomh maith nár foilsíodh riamh. Nuair a fuair Sir William Gregory bás i mí an Mhárta 1892, bhrón an Bhantiarna Gregory é. D’fhill sí ar Pháirc na Cúile agus d’eagraigh sí dírbheathaisnéis a fir céile sular fhoilsigh sí í sa bhliain 1894. Scríobh sí ina dhiaidh sin; "If I had not married I should not have learned the quick enrichment of sentences that one gets in conversation; had I not been widowed I should not have found the detachment of mind, the leisure for observation necessary to give insight into character, to express and interpret it. Loneliness made me rich - 'full', as Bacon says."▼
▲Lean an Bhantiarna Gregory uirthi ag scríobh próis fad is a bhí sí pósta. Nuair a bhí a fear céile sa tSiolóin i ngeimhreadh na bliana 1883, d’oibrigh sí ar shraith cuimhní cinn a bhain le teach a hóige. Bhí sé ar intinn aici an saothar seo a fhoilsiú faoin teideal An Emigrant’s Notebook, ach d’éirigh sí as an bplean seo. Scríobh sí roinnt mhaith gearrscéalta sna blianta 1890 agus 1891 fosta, cé nár cuireadh i gcló iad seo riamh ach oiread. Maireann roinnt dánta ón tréimhse seo chomh maith nár foilsíodh riamh. Nuair a fuair Sir William Gregory bás i mí an Mhárta 1892, bhrón an Bhantiarna Gregory é. D’fhill sí ar Pháirc na Cúile agus d’eagraigh sí dírbheathaisnéis a fir céile sular fhoilsigh sí í sa bhliain 1894. Scríobh sí ina dhiaidh sin; "If I had not married I should not have learned the quick enrichment of sentences that one gets in conversation; had I not been widowed I should not have found the detachment of mind, the leisure for observation necessary to give insight into character, to express and interpret it. Loneliness made me rich - 'full', as Bacon says."
Line 25 ⟶ 24:
Chuir an Bhantiarna Gregory athshuim sa Ghaeilge agus i mbéaloideas an cheantair inar chónaigh sí nuair a chuaigh sí ar
Ag druidim i dtreo dheireadh na bliana 1894, agus í spreagtha ag na léirmheasanna maithe a fuair sí don eagarthóireacht ar dhírbheathaisnéis a fir céile, chuaigh an Bhantiarna Gregory i ngleic le tionscadal eagarthóirtheachta eile. Shocraigh sí ar phíosaí ó litreacha ó sheanathair Sir William Gregory a chur in eagar le go bhfoilseofaí iad faoin teideal ''Mr Gregory’s Letter-Box 1813-30'' (1898). Mar chuid den obair seo bhí uirthi taighde a dhéanamh ar stair na tréimhse sin in Éirinn agus mar thoradh air seo d’athraigh sí a dearcadh féin ón [[Aontachas]] ‘bog’ atá le brath ina luathscríbhinní faoi Rialtas Dúchais. Ó seo amach ba léir gur thacaigh sí le [[náisiúnachas na hÉireann]] agus an [[Poblachtanas]] agus chuir sí síos ar an dearcadh nua seo aici ag rá go raibh “a dislike and distrust of England” aici.
Line 34 ⟶ 33:
== Bunú Amharclann na Mainistreach ==
[[Image:Lady gregory.jpg|thumb|160px|right|Póstaer don chéad chlár de dhrámaí in Amharclann na Mainistreach ó 27 Nollaig 1904 go 3 Eanáir 1905.]]
Ba chomharsa de chuid na Bantiarna Gregory é [[Edward Martyn]] agus nuair a bhí sí ar cuairt chuig a theach i d[[Tul Aighre]] chuir sí aithne ar [[W.B Yeats]]. Sa bhliain nó dhó ina dhiaidh sin tháinig smaointe an triúir seo le chéile agus bhunaigh siad Amharclann Liteartha na hÉireann sa bhliain 1899. Chuaigh an Bhantiarna Gregory i mbun tiomsaithe airgid agus bhí ''The Heather Field'' le Martyn agus ''The Countess Cathleen'' le Yeats ar chéad chlár an tionscadail. Le linn na tréimhse seo, chuidigh sí le Yeats agus a chéad drámaí á scríobh aige. Áirítear sna drámaí seo ''The Countess Cathleen.'' Sa dráma seo chuidigh sí, go háirithe le scríbhneoireacht friotail a bhain le lucht na tuaithe.
Mhair tionscadal Amharclann Liteartha na hÉireann go dtí 1901, ach theip air ansin mar gheall ar easpa airgid. I 1904, tháinig an Bhantiarna Gregory, Martyn, Yeats, [[John Millington Synge]], Æ, [[Annie Elizabeth Fredericka Horniman]] agus [[William Fay|William]] agus [[Frank Fay]] le chéile agus bhunaigh siad Cuideachta [[Amharclann Náisiúnta na hÉireann]]. Bhí na chéad léirithe a chuir an chuideachta ar ardán ar siúl i bhfoirgneamh darb ainm Halla Molesworth. Tharla sé go raibh Amharclann Ibeirneach na nIlsiamsaí (
An 11 Bealtaine 1904, ghlac an chuideachta, go hoifigiúil, le tairiscint Horniman a ceadaíodh dóibh an foirgneamh a úsáid. Toisc nach raibh cónaí ar Horniman in Éirinn de ghnáth, d’íoc sí as na Litreacha Paitinne Ríoga cé gur deonaíodh iad in ainm na Bantiarna Gregory. Léiríodh ceann dá drámaí féin, ''Spreading the News'', ar an chéad oíche, 27 Nollaig 1904. Nuair a osclaíodh ''[[The Playboy of the Western World]]'' le Synge
Líne 45:
== Obair dhéanach ==
[[Image:Lady gregory1.jpg|left|thumbnail|150px|Clúdach dhráma na Bantiarna Gregory, The White Cockade (1905).]]
Ba stiúrthóir amharclainne gníomhach í an Bhantiarna Gregory go dtí go raibh uirthi éirí as i 1928 de bharr drochshláinte. Le linn an ama seo, scríobh sí breis agus 19 ndráma, formhór acu d’Amharclann na Mainistreach. Ní minic a chuirtear a drámaí i láthair sa lá atá inniu ann agus ní raibh spéis mhór iontu ag an am ach oiread. Muise, scríobh an scríbhneoir Éireannach [[Oliver St John Gogarty]] uair amháin gur bheag nár scriosadh Amharclann na Mainistreach trína cuid drámaí a shíorléiriú. Chomh maith lena drámaí, scríobh sí staidéar dhá imleabhar ar bhéaloideas a ceantair áitiúil darb ainm ''Visions and Beliefs in the West of Ireland'' i 1920.
Agus í ar bhord Amharclann na Mainistreach, bhí Páirc na Cúile mar bhaile aici i gcónaí agus nuair a bhí sí i mBaile Átha Cliath d’fhan sí in óstáin éagsúla. D’ith sí go coigilteach sna hóstáin seo agus thugadh sí bia léi ón mbaile go minic. D’úsáideadh sí a seomraí sna hóstáin le hagallaimh a dhéanamh ar dhrámadóirí a d’fhéadfadh obair a dhéanamh don Amharclann agus le comhrá a choinneáil leis an gcompántas i ndiaidh oscailt drámaí nua. B’iomaí lá a chaith sí ag obair ar a haistriúcháin i [[Leabharlann Náisiúnta na hÉireann]]. Thuill sí clú mar dhuine a bhí measartha coimeádach. Mar shampla, nuair a chuir [[Denis Johnston]] a chéad dráma ''Shadowdance'' isteach chuig Amharclann na Mainistreach, dhiúltaigh an Bhantiarna Gregory é agus cuireadh an dráma ar ais chuig an údar le nóta ar an leathanach tosaigh ag rá
== Scor agus bás ==
[[Image:Augusta, Lady Gregory - Project Gutenberg eText 19028.jpg|150px|thumb|An Bhantiarna Gregory agus í ag dul in aois]]
Nuair a d’éirigh sí as a post ar bhord Amharclann na Mainistreach, d’fhill
Fuair an Bhantiarna Gregory bás le hailse chíche sa bhaile agus í ceithre scór bliain d’aois. Dúirt Shaw fúithi tráth gurbh í “the greatest living Irishwoman”. Cuireadh í sa Reilig Nua ar an mBóthar Mór i gContae na Gaillimhe. Cuireadh inneachar Pháirc na Cúile ar ceant trí mhí i ndiaidh a báis agus scartáladh an teach i 1941. Chaill drámaí na Bantiarna Gregory gnaoi na ndaoine i ndiaidh a báis agus is annamh a léirítear iad sa lá atá inniu ann. Choinnigh sí dialanna den chuid is mó dá saol fásta agus foilsíodh cuid mhór de na dialanna seo ó fuair sí bás. Is foinse iontach eolais iad ar stair liteartha na hÉireann sa chéad tríocha bliain den 20ú haois. Maidir leis an tréimhse inar bunaíodh Amharclann na Mainistreach, ní mhaireann ach na dialanna a scríobh sí ag an am mar thaifead comhaimseartha ag duine de phríomh-rannpháirtí na n-imeachtaí seo.
|