An difríocht idir athruithe ar: "CLG Dún Bleisce"

Content deleted Content added
m Athainmníodh CLG Dún Bléisce mar CLG Dún Bleisce: Litriu ceart
No edit summary
Líne 17:
socks1 = FF0000 |
}}
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''Dún Bleisce'''. Tá sé bunaithe sa chuid de pharóiste Dún Bleisce atá i g[[Contae Luimnigh]]. Tá an trian eile de i g[[CLG Chontae Thiobraid Árann]], áit a bhfuil club eile dárbh ainm dó ''An Gleann Gearr'' suite. Tagan formhór imreoirí Dún Bleisce as baile Dún Bleisce féin, as na ceanntracha tuaithe an pharóiste maguaird ar nós Faill Uí Chléirigh, An Cúige agus Rinn an Mheana agus baile agus leath-pharóiste [[Uibhle|Úlla]]. Imrítear ach an [[iománaíocht|iomáint]] amháin sa chlub agus tá sé nascaithe le [[CLG Úlla|Úlla]] i gcomhair na [[peil Ghaelach|peile]].
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Dún Bléisce'''.
 
Fiú amháin roimh bhunú [[Cumann Lúthchleas Gael|Chumann Lúthchleas Gael]], imríodh an-chuid iomána in oirthuaisceart Chontae Luimnigh agus nuair a eagraíodh comórtaisí go hoifigiúil, b’iad clubanna na háite ar nós [[CLG Máigh Rua/An Bóthar|Máigh Rua]], [[CLG Saor Theas|Saor Theas]], [[CLG Cathair Laighin|Cathair Laighin]], [[CLG Máigh Rua/An Bóthar|An Bóthar]] agus [[CLG An Cheapach Mhór|An Cheapach Mhór]] a tháinig ar dtús chun tosaigh. Bunaíodh Dún Bleisce sa bhliain 1888 ach ba chlub beag iomána i measc na bhfathach le linn an tréimhse sin agus ba sa pheil ar éirigh leo ar dtús nuair a bhuadar Craobh Sóisear an Chontae sa bhliain 1928.
 
Níor tháinig an iomáint chun chin go dti blianta na 1930í nuair a bhuadar Craobh Iomána Sóisear an Chontae sna blianta 1937 agus 1941. D’ímríodar gan toradh sa ghrád sinsear ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin sular fhileadar ar ais sa ghrád sóisear ach, cé gur bhuadar Craobh Iomána Sóisear Oirthear Luimnigh sna blianta 1961, 1962 agus 1967, níor éirigh leo arís i gcraobh an chontae.
 
Cuireadh an-iarracht isteach ar na gráid óga le linn blianta na 1960í agus, nuair a shroich ne himeroirí na gráid fsta, bhuaigh Dún Bleisce Craobh Iomána Sinsear Iarthar Luimnigh don chéad uair sa bhliain 1974. Ach cé gur chlub sinear é o shin i leith, níor éirigh leo i gcomórtaisí an chontae. B’iad 1989, nuair bhuaigh [[CLG Baile Brún|Baile Brún]] orthu, agus 2000, nuair a chailleadar le cúilín amháin i gcoinne [[CLG Tobar Phádraig|Tobar Phádraig]], na blianta ba thorthúile Dún Bleisce nuair a shroicheadar cluiche ceannais [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]].
 
Ta mór-cháil bainte amach ag Dún Bleisce as a bhfóirne óga. Ghabhadar naoi gCraobh Iomána Mionúir Chontae Luimnigh idir na blianta 1946 agus 2003 agus tá Craobh Iomána Faoi-21 an Chontae gafa acu ar cheithre ócáid idir na blianta 1966 agus 2005. Le linn blianta na 1960í, bhuaigh an-chuid imreoirí mionúir agus faoi-21 ón bparóiste boinn iomána an chontae le Dún Bleisce agus boinn peile an chontae le Úlla,
 
Tá páirc imirthe Dún Bleisce suite i gceartlár an bhaile, gan ach 300m ón bPríomhshráid ar Bhóthar Úlla. Osclaíodh sa bhliain 1994 í agus chríochnaíodh na seomraí feistithe sa bhliain 2002.
 
I measc iománaithe cáiliúile Dún Bleisce, tá Liam Ó Mórdha [[''Willie Moore'']], a bhuaigh bonn [[Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann]] le foireann Luimnigh sa bhliain, agus imreoiri contae na 2000í Donncha Ó Maoldomhnaigh (''Dinny Moloney'') agus Mícheál Mac Gearailt (''Mike Fitzgerald'').
 
==Naisc sheachtracha==