An difríocht idir athruithe ar: "CLG An tAthair Ó Cathasaigh"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 17:
socks1 = 0000ff |
}}
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''An tAthair Ó Cathasaigh'''. Tá sé bunaithe i bparóiste Mainistir na Féile in Iarthar Chontae Luimnigh, ar theorann Chiarraí 65km siar ó dheas ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór imreoirí an chluib as baile [[Mainistir na Féile]] féin, as na ceanntracha tuaithe maguaird ar nós An Drom Tarsna, Cnoc na Sionnach agus Bealach Beithe agus as paróiste Teampall an Ghleanntáin. Ós rud é ná fuil traidisiúin na hiomána chomh láidir sin sa cheanntair, imrítear ach [[peil Ghaelach|peil]] amháin sa chlub. Cé ná fuil sé nascaithe le haon club ar leith i gcomhair na [[iománaíocht|ha hiomána]], imríonn formhór iománaithe Mainistir na Féile le [[CLG Teampall an Ghleanntáin|Teampall an Ghleanntáin]] nó [[CLG Tuar na Fola|Tuar na Fola]].
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG An tAthair Ó Cathasaigh'''.
 
Téann stair an chluib siar go dti an bhliain 1884 nuair a chláraigh sé faoin ainm ''Mainistir na Féile'' agus tá sé ag imirt peile gan stad ón lá sin. Ba é an sagart cáiliúil náisiúnach tAthair Liam Ó Cathasigh, a d’eagraigh comórtaisí lúthchleasaíochta agus peile sa pharóiste sular bhunaíodh [[Cumann Lúthchleas Gael]] go hoifigiúil, an chéad cathaoirleach.
 
Ba chlub láidir peile é Mainistir na Féile le linn blianta tosaigh CLG ach bhí orthu cluichí cenannais na bliana 1898 (i gcoinne Na Trádálaithe), 1900 (i gcoinne [[CLG Úlla|Úlla]]) 1904 agus 1911 (an beirt i gcoinne Na Trádalaithe) a chailliúint sular tháinig [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] chucu faoi dheireadh sna blianta 1914 agus 1915. Bhí orthu fanacht go dti an bhliain 1932 i gcomhair an chéad bua eile agus ba le linn blianta 1940í an tréimhse ba thorthúile an chluib nuair a tháinig [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|an chorn]] ar ais chuig Mainistir Na Féile sna blianta 1941, 1942 agus 1947.
 
Cé gur éirigh leo Craobh Peile Mionúir an Chontae a bhuachaint faoi dhó le linn blianta na 1950í agus an chorn faoi-21 sna blianta 1969 agus 1972, ní raibh aon ádh acu i gcomórtaisí fásta ar feadh daichead blian i ndidaidh an ré órga. Le linn an ama sin, athraíodh ainm an chlub go dti ''An tAthair Ó Cathasaigh'' in onóir a bhunaitheora. Nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain 1988, b’éigean dóibh titim síos go dti peil idirmheánach. Ach d’athraigh an scéal sa bhliain 1991 nuair a bhuadar croabhacha idirmheánach, faoi-21 agus mionúir sa bhliain chéanna.
 
Bhí orthu cluichí ceannais na bliana 1994, 1995, 1996 agus 1998 a chailliúint sular tháinig [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear an Chontae]] ar ais chuig Mainistir na Féile i ndiaidh buachaint ar [[CLG Drom Chollachair/Béal an Átha|Drom Chollachair/Béal an Átha]] sa bhliain 2000. Ghabhadar an chorn don ochtú uair sa bhlian 2006 tar éis [[CLG Naomh Seanán (Luimneach)|Naomh Seanán]] a chloí sa chluiche ceannais.
 
Tá clú mór bainte amach ag An tAthair Ó Cathasaigh i gcomótaisí na nóg. Tá corn mionúir an chontae buaite acu faoi sheacht agus an chorn faoi-21 faoi chúig.
 
Rud aisteach faoi An tAthair Ó Cathasaigh ná go bhfuil a pháirc imirthe suite I g[[Contae Chiarraí]]. Osclaíodh í le linn blianta na 1990í i Máigh Inse ar bhruach thiar Abhann na Féile ar bhóthar Lios Tuathail.
 
I measc peileadóirí cáiliúile an chluib, tá Seosamh Mac Mílis (''Joe Myles''), captaen foireann Luimnigh a bhuaigh Croabh Peile Mionúir na Mumhan sa bhliain 1956 agus Pádraig de Brún (''Pádraig Browne''), ball foireann sinsear an chontae le linn blianta na 2000í.
 
 
==Naisc sheachtracha==