An difríocht idir athruithe ar: "CLG Brú na Déise"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 19:
socks1 = FF0000 |
}}
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Brú na Déise'''.
 
==Suíomh==
Tá an club bunaithe sa chuid thiar theas de pharóiste Brú na Déise i lár [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]], 30km ó dheas ó [[Luimneach|Cathair Luimnigh]]. Tagann formhór dá imreoirí ó bhaile [[An Brú|Brú na Déise]] agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Baile Uí Dhroighneáin, Baile na gCailleach agus Baile Ríosóid ach is féidir peileadóirí agus iománaithe ón gcuid eile den pharóiste timpeall sráidbaile Meánas imirt leo freisin.
 
==Cluichi==
Imrítear [[peil Ghaelach|peil]] agus [[iománaíocht|iomáint]] agus d’ainneoin traidisiún na hiomána a bheith níos láidre sa cheanntair, cuireann an club an béim céanna ar an dá chód faoi láthair.
 
==Stair==
Bunaíodh an club sa bhliain 1887 agus tá sé i bhfeidhm gan stad ón lá sin. Bhí cumhacht na hiomána dlúite i gceathrú thoir-thuaidh an chontae ar dtús agus, cé go raibh mór-shuim sa chluiche i mBrú na Déise ag an am, níor éirigh go maith leo le linn an tréimhse sin. Fiú amháin nuair a tháinig na céad craobhacha chontae go dti deisceart an chontae, b’iad [[CLG An Charraig Dhubh (Luimneach)|Cill Fhionáin]] agus [[CLG Cromadh|Cromadh]] na fóirne ba láidre sa cheanntar.
 
D’athraigh an scéal áfach le linn blianta na 1920í. D’ainneoin gur thárla an cogaíocht ba ghéire le linn [[Cogadh Cathartha na hÉireann|an Chogaidh Cathartha]] sa limistéar idir Brú na Déise agus [[Cill Mocheallóg]], thosnaigh an club ag imirt arís díreach ina dhiaidh agus shroicheadar cluiche ceannais [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] na blian 1922. Cé gur chailleadar go dona i gcoinne Éire Óg an lá sin, bhíodar arís arís ann trí bhliain ina dhiaidh ach bhuaigh [[CLG An Caisleán Nua Thiar|An Caisleán Nua Thiar]] orthu.
 
Is cosúil é gur thárla achrann éigin tar éis cluiche ceannais na bliana 1925 mar bhunaíodh club eile an pharósite, [[CLG Fánaithe na Camóige|Fánaithe na Camóige]] díreach ina dhiaidh agus bhuaig an fhoireann sin Craobh Iomána Sóisear an Deiscirt ar an gcéad iarracht sa bhliain 1926. Bhí Brú na Déise féin ag imirt iomána sóisir le linn blianta tosaigh na 1930í agus cé gur bhuadar an somórtas sin roinnt uair le linn blianta na 1940í agus blianta na 1960í, níor éirigh leo riamh Craobh Iomána Sóisear an Chontae a ghabháil.
 
Ba chlub iomána sinsear é nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain 1988 ach bhíodar tar éis titim síos go dti an grád idirmheánach le teacht na Mílaoise. D’fhanadar anseo go dti gur bhuadar Craobh Iomána Idirmheánach Chontae Luimnigh sa bhliain 2008.
 
Ní raibh mórán trácht ar Bhrú na Déise mar chlub peile suas go dti blianta na 1970í. Tháinig Craobh Peile Sóisear an Deiscirt chucu don chéad uair sa bhliain 1972 agus ba chlub peile idirmheánach é le teacht na ngrád teoranta. D’fhilleadar ar ais ar pheil sóisear an bhliain dár gcionn agus níor thangadar ar ais go dti gur ghabhader Craobh Peile Sóisear A an Chontae sa bhliain 2008.
 
==Páirc Imirhte==
Bhí páirceanna ar chíos ag Brú na Déise sa pharóiste sular cheannaíodar a bpáirc imirthe féin sa bhliain 1956. Nuair a osclaíodh é le cluiche iomána idir Luimneach agus Corcaigh i mí Aibreáin na bliana dár gcionn, tháinig slua 6,000 daoine chuig lárionad nua spóirt ina raibh cúrsa mini-ghalf, cúirteanna leadóige agus áiseanna trenála agus féachanna a bhí réabhlóideach in Éireann le linn blianta crua na 1950í. Is í páirc Brú na Déise, atá suite 500km ó Phríomhshráid an bhaile ar Bhóthar an Ospidéil, fós an tríú páirc iomána sa chontae.
 
==Imreoirí Cáiliúile==
I measc imreoirí cáiliúla Brú na Déise, tá iománaithe Luimnigh blianta na 1980í Mícheál Ó Roghaill (''Mike Reale'') agus Antóin Ó Riordáin (''Anthony O’Riordan'', captaen foireann Luimnigh a bhuaigh Craobh Mionúir na hÉireann sa bhliain 1984) agus cúlbáire peile an chontae le linn blianta na 2000í Seán Ó Cadhla (''Seán Kiely'').
 
 
==Naisc sheachtracha==