An difríocht idir athruithe ar: "CLG Naomh Ciarán (Luimneach)"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 19:
socks1 = 008000 |
}}
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Naomh Ciarán'''.
 
==Suíomh==
Tá an club bunaithe i bparóiste Cill Cholmán/Cúil Cheapach in Iarthar [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]] idir Ráth Caola agus [[Faing]], 40km siar ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór a imreoirí as ceanntracha tuaithe an pharóiste ar nós Cill Cholmáin, Cúil Cheapach, An Chraobh agus An Coinicéar agus as sráidbhailte Ardach agus Carraig Chiarraí agus na ceanntracha tuaith máguaird I bparóiste Ardach/Carraig Chiarraí ar nós Dún gConmhaoile, Cnoc na Boithe agus Ráth Rónáin.
 
==Cluichí==
Tá traidisiún láidir [[peil Ghaelach|peile]] agus [[iománaíocht|iomána]] sa dá pharóiste agus bhí an béim céanna sa chlub ar an dá chód suas go dti blianta na 1970í nuair a shroich Naomh Ciarán cluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] don chéad uair. Cé gur imrítear an iomáint fós, tá an pheil níos láidre sa chlub ón am sin i leith.
 
==Stair==
 
==Páirc Imirthe==
Tá páirc imirthe Naomh Ciarán suite I gCúil Cheapach, lámh leis an séipéal agus an scoil náisiúnta. Baintear úsáid ar ócáid as seanpháirc Ardaigh atá suite i mbaile Ardach.
 
==Imreoirí Cáiliúile==
I measc peileadóirí cáiliúla an chluib ar imir ar fhoireann sinsear Luimnigh, tá Pádraig Ó Laochdha (''Pa Leahy'') as blianta na 1970í, Liam Baróid (''Liam Barrett'') as blianta na 1980í agus Seán Mac Cárthaigh (''Johnny McCarthy'') as blianta na 2000í.
 
 
==Naisc sheachtracha==