An difríocht idir athruithe ar: "CLG Áth an tSléibhe"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 8:
iomáint = - |
dathanna = Marún is bán |
páirc = Teampall an tSléibhe, [[Áth an tSléibhe]], [[Contae Luimnigh]] |
pattern_la1 = |
pattern_b1 = _whiteshoulders|
Líne 18:
socks1 = 800000 |
}}
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''
==Suíomh==
Tá an club bunaithe i bparóiste Áth an tSléibhe idir An Gleann agus [[Mainistir na Féile]] in Iarthar [[Contae Luimnigh|gContae Luimnigh]], 60km siar ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór imreoirí an chluib as baile Áth an tSléibhe agus as na ceanntracha tuaithe maguaird ar nós Gort na gCros, An Chúil, Cnoc na gCoirneach agus Gleann an Ghabhair.
==Cluichí==
Tá paróiste Áth an tSléibhe díreach ar theorann [[Contae Chiarraí|Chontae Chiarraí]] agus tá traidisiún láidir [[peil Ghaelach|peile]] sa cheanntar. Imrítear ach an pheil amháin sa chlub. Ní imrítear an [[iománaíocht|iomáint]] go forleathan sa pharóiste. Is iad [[CLG Naomh Ciarán (Luimneach)|Naomh Ciarán]], [[CLG Tuar na Fola|Tuar na Fola]], [[CLG Teampall an Ghleanntáin|Teampall an Ghleanntáin]] agus [[CLG Móin na nGé|Móin na nGé]] na clubanna iomána is gaire do Áth an tSléibhe.
==Stair==
Cé go raibh an pheil á imirt go forleathan sa cheanntar le linn blianta deiridh an 19ú céad, níor bhunaíodh aon club i bparóiste Áth an tSléibhe go dti an bliain 1905. Roimhe sin, d’imir peileadóirí na háite le [[CLG An tAthair Ó Cathasaigh|Mainistir na Féile]], [[CLG An Gleann (Luimneach)|An Gleann]] agus Máigh Mheáin i g[[Contae Chiarraí]]. Ós rud é go raibh foireann an-láidir ag Mainistir na Féile le linn blianta na 1900í agus na 1910í, mealladh roinnt des na himreoirí ab fhearr chucu ó na paróistí lámh leo agus níor éirigh go maith le Áth an tSléibhe ar dtús.
D’athraigh an scéal nuair a bhuadar Craobh Peile Sóisear an Iarthair sa bhliain 1919 ach níor imríodh cluiche ceannais an chontae na bliana sin de dheasca na d[[Cogadh na Saoirse|Trioblóidí]]. Bhí ar Áth an tSléibhe fanacht go dti na bliana 1937 sular tháinig an deis chucu arís ach, d’ainneoin Craobh an Iarthair a ghabháil sa bhliain sin agus arís sna blianta 1948 agus 1949, níor shroicheadar cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh go dti an bhliain dár gcionn nuair a buadar ar Sháirséalaigh an Chonartha.
Tháinig corn sóisear an chontae chuig an bparóiste don dara uair sa bhliain 1963 tar éis [[CLG Pailís na Gréine|Pailís na Gréine]] a chloí agus bhí Áth an tSléibhe ar ais sa ghrád sinsear. Cúig bhliain ina dhiaidh sin, bhuadar ar Sháirséalaigh an Chonartha i gcluiche cannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] ach, nuair a thosnaigh an fhoireann sin ag titim as a chéile, bhíodar ar ar ag imirt peile sóisir arís le linn blianta na 1980í.
Tháinig feabhas ar an scéal le blianta na 1990í nuair a tháinig glún nua le chéile. Buadh Craobh Peile Sóisear A an Chontae sa bhliain 1997 tar éis dhá athimirt i gcoinne [[CLG Drom Chollachair/Béal an Átha| Drom Chollachair/Béal an Átha]] agus Craobh Peile Idirmheánach Chontae Luimnigh sa bhliain 2002 le bua ar [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Ghallbhaile]] agus shoicheadar cluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear an Chontae]] na bliana dár gcionn ach chailleadar i gcoinne Drom Chollachair/Béal an Átha. Thiteadar síos go dti an grád idirmheánach sa bhliain 2006, bhíodar ar ais sa phríomhghrád láithreach bonn tar éis buachaint ar Ghallbhaile arís i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach na bliana 2007 ach níor fhanadar ach bliain amháin ann sular thiteadar síos arís.
==Páirc Imirthe==
Tá páirc imirthe Áth an tSléibhe suite i dTeampall an tSléibhe, 2km soir ó lár an bhaile ar bhóthar Charraig Chiarraí.
==Imreoirí Cáiliúile==
I measc peileadóirí cáiliúla an chluib, tá Tadhg de Bhulbh (''Timmy Woulfe'') agus Seán Ó Maoláin (''Johnny Mullane'') a d'imir ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Craobh Peile Sinsear na Mumhan sa bliain 1965.agus Pádraig Ó hEathairn (''Pat Ahern'') a bhí ar an bhfoireann i gcluiche ceannais na bliana 2003.
==Naisc sheachtracha==
* [http://www.atheagaa.com/index.html
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
*[http://www.limerickdioceseheritage.org/Athea.htm Athea Parish (Béarla)]
|