An difríocht idir athruithe ar: "CLG Baile an Londraigh"

no edit summary
mNo edit summary
No edit summary
socks1 = FFF000 |
}}
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Baile an Londraigh '''.
 
==Suíomh==
Tá an club bunaithe i bparóiste Baile an Londraigh ar imeall Sléibhta na nGailtí i nDeisceart [[Contae Luimnigh|Contae Luimnigh]], 45km ó dheas ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór imreoirí an chluib as baile Baile an Londraigh, as na ceanntracha tuaithe an pahróiste maguaird ar nós Cnoc Uí Dheá, An Spidéal, Baile Pháiscín agus Collán agus as ceanntracha tuaithe pharóiste An Ghleanna Rua/Baile Uí Argáin ar nós Baile Uí Argáin, An Gleann Rua agus Baile an Phiaródaigh.
 
==Cluichí==
Imrítear ach an pheil amháin sa chlub agus tá sé nascaithe le [[CLG An Gleann Rua (Luimneach)| An Gleann Rua]] i gcomhair na [[iománaíocht|an hiomána]].
 
==Stair==
Fiú amháin roimh bhunú oifigiúil [[Cumann Lúthchleas Gael|CLG]], imríodh an pheil go forleathan in oirdheisceart Chontae Luimnigh. Tá grianghraf ann ón mbliain 1888 in a bhfuil an fhoireann ''Seamróga Bhaile an Londraigh'' ach is beag tagairtí eile a bhfuil ar chlub den ainm sin suas go dti an 20ú céad. Nuair a ath-thosanáiodh Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh sa bhliain 1911, bhuaigh Baile an Londraigh ar [[CLG An Fheothanach/Caisleán Uí Mhathúna|Caisleán Uí Mhathúna]] sa chluiche cheannais agus d’fhan an chorn sa pharóiste ar feadh sé bhliana déag mar níor fhéidir le [[CLG Coiste Luimneach|Coiste an Chontae]] an craobh a eagrú le linn [[An Chéad Cogadh Domhanda]] agus na d[[Cogadh na Saoirse|Trioblóidí]].
 
Idir an dá linn, d’fhás an pheil go tapaidh sa pharóiste. Ghabhadar [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] sa bhliain 1917 agus b’iad na himreoirí chéile a bhí ar fhoireann Luimnigh a chaill cluiche cheannais Craobh Peile Sóisear na hÉireann na bliana chéanna i gcoinne [[CLG Chontae Bhaile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]].
 
Tar éis dóibh Craobh Sóisear an Chontae na bliana 1920 a bhuachaint sa bhliain 1924, níor éirigh le Baile an Londraigh sa phríomhghrád ar feadh seachtó. Ghabhadar an Craobh Sóisear don tríú uair sa bhlian 1933 (i ndiaidh buachaint ar [[CLG Átháin|Átháin]]) agus don cheathrú uair sa bhliain 1952 (tar éis Úlla a chloí sa chluiche ceannais) ach níor fhanadar ach bliain nó dhó ag imirt peile sinsear i ndiaidh na mbua sin.
 
D’athraigh an scéal, áfach, le linn blianta na 1990í i ndiaidh mór-oibre a dhéanamh sna comórtaisí óga. Tháinig corn sóisear an chontae ar ais chucu don chúigiú uair nuair a bhuadar ar [[CLG Gearóid Ó Gríofa|Ghearóid Ó Gríofa]] agus ba chlub sinsear arís é Baile an Londraigh sa bhliain 1998 i ndiaidh éirí leo i gcoinne [[CLG Pailís na Gréine|Pailís na Gréine]] chun Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a ghabháil. Bhí an [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear]] ina seilbh acu an bhliain dár gcionn nuair a bhuadar ar [[CLG An tOspidéal/Cathair Fuinse|An tOspidéal/Cathair Fuinse]] agus arís sa bhliain 2007 tar éis [[CLG Drom Chollachair/Béal an Átha|Drom Chollachair/Béal an Átha]] a shárú.
 
==Páirc Imirthe==
D’imir Baile an Londraigh ar pháirceanna le blianta a bhí ar chíos acu timpeall an bhaile. Ina measc siúd, bhí ''Páirc Osborne'' (ar a bhfuil Ionad Cúram an Lae suite anois), ''Páirc Stiofán Uí Loinsigh'' (ar a bhfuil monarchan Galtee Wood suite anois), ''Páirc Bhreathnach'' (anois ''Páirc Uí Bhuachalla'') agus ''Páirc Mhic Craith'' ar Bhóthar Ghallbhaile. Ceannaíodar a bpáirc imirthe féin lámh leis an mbaile ar Bhóthar Chill Fhionáin sa bhliain 1981.
 
==Imreoirí Cáiliúile==
I measc peileadórií cáiliúile Bhaile an Londraigh a d’imir ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Carobh Peile Sinsear na Mumhan, tá Seán Ó Mídheach (''John Meade'') sa bhliain 1965, Gearóid Breathnach (''Ger Walsh'') sa bhliain 1991 agus Seán Ó Murchú sna blianta 2003 agus 2004.
 
B’as paróiste Baile An Londriagh freisin é Proinsias Ó Duinnín (''Frank Dineen''), Uachtarán agus Ardrunaí [[Cumann Lúthchleas Gael|CLG]] le linn blianta deiridh an 19ú aois. B’é An Duiníneach an té a cheannaigh [[Páirc an Chrócaigh]] agus tá Lochtán Uí Dhuinnín ann ainmnithe ina onóir.
 
 
==Naisc sheachtracha==
Úsáideoir gan ainm