An difríocht idir athruithe ar: "CLG Baile an Londraigh"
Content deleted Content added
No edit summary |
Tuilleadh eolais |
||
Líne 22:
==Suíomh==
Tá an club bunaithe i bparóiste Baile an Londraigh ar imeall Sléibhta na nGailtí i nDeisceart [[Contae Luimnigh|Contae Luimnigh]], 45km ó dheas ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór
==Cluichí==
Líne 32:
Idir an dá linn, d’fhás an pheil go tapaidh sa pharóiste. Ghabhadar [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] sa bhliain 1917 agus b’iad na himreoirí chéile a bhí ar fhoireann Luimnigh a chaill cluiche cheannais Craobh Peile Sóisear na hÉireann na bliana chéanna i gcoinne [[CLG Chontae Bhaile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]].
Tar éis dóibh Craobh Sóisear an Chontae na bliana 1920 a bhuachaint sa bhliain 1924 agus i ndiaidh [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|cluiche cheannais sinsear]] na bliana 1925 a cháilliúint i gcoinne [[CLG Úlla|Úlla]], níor éirigh le Baile an Londraigh sa phríomhghrád ar feadh seachtó bliain.
Ba ghruama an tréimhse é i bpeil an Deiscirt idir na blianta 1925 agus 1969 nuair nár shroich aon chlub ón roinn cluiche ceannais sinsear an chontae. Agus nuair a tháinig feabhas ar an scéal, bhí an lámh in uachtar ag CLG Cromadh|Cromadh]] le linn blianta na 1970í agus ag [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Gallbhaile]] le linn blianta na 1980í.
D’athraigh an scéal, áfach, le linn blianta na 1990í i ndiaidh mór-oibre a dhéanamh sna comórtaisí óga. Tháinig corn sóisear an chontae ar ais chucu don chúigiú uair nuair a bhuadar ar [[CLG Gearóid Ó Gríofa|Ghearóid Ó Gríofa]] agus ba chlub sinsear arís é Baile an Londraigh sa bhliain 1998 i ndiaidh éirí leo i gcoinne [[CLG Pailís na Gréine|Pailís na Gréine]] chun Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a ghabháil. Bhí an [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear]] ina seilbh acu an bhliain dár gcionn nuair a bhuadar ar [[CLG An tOspidéal/Cathair Fuinse|An tOspidéal/Cathair Fuinse]] agus arís sa bhliain 2007 tar éis [[CLG Drom Chollachair/Béal an Átha|Drom Chollachair/Béal an Átha]] a shárú.▼
▲
==Páirc Imirthe==
|