An difríocht idir athruithe ar: "Vicipéid:Luaigh do chuid foinsí"
Content deleted Content added
No edit summary |
eolas ón lch Béarla |
||
Líne 1:
Lámhleabhar stíle atá sa leathanach seo a cuireann síos ar an g'''caoi''' mar a luaitear foinsí tacaíochta sna hailt. Feach ar na leathanaigh pholasaí [[Vicipéid:Gan taighde bunúil a thabhairt isteach]] agus [[Vicipéid:Infhíoraitheacht]] le tuilleadh eolais ar an bh'''fáth''' atá sé tabhachtach foinsí a lua, agus ar an saghas fhoinse a mheastar bheith inúsáidte. Is féidir leat úsáid a bhaint as [[Vicipéid:Foinsí iontaofa]] chomh maith.
I mbeagán focal, is iomaí feidhm atá le baint as [[Vicipéid:Foinsí iontaofa|foinsí iontaofa]] a lua:
* Ullmhú go bhfuil ábhar na n-alt [[Vicipéid:Infhíoraitheacht|infhíoraithe]] agus inchreidte.
* Cáilíocht údarásach agus infhíoraitheacht ghinéarálta na Vicipéide a fheabhsú.
* Fianaise a thabhairt nach bhfuil [[Vicipéid:Gan taighde bunúil a thabhairt isteach|taighde bunúil]] i gceist leis an dréacht.
* Dóchúlacht a laghdú go mbeidh argóintí idir tú agus cuiditheoirí eile, nó chun deireadh a chur le hargóintí den tsaghas sin.
* Créidiúint a thabhairt don bhfoinse, os rud é gur chuir siad sonraí inúsáidte ar fáil.
* Géaráin a héalú go rinneadh bradáil ar shaothar eile.
* Tuilleadh eolais nó leabhair breise a mholadh.
<br>
==Cathain foinsí a lua==
===Nuair a thugann tú ábhar nua isteach===
Mar gheall ar na cúiseanna seo thuas, má scríobhann tú giota nua eolais in alt ar bith, '''caithfidh tú foinse a lua don giota eolais sin'''. Tá an coinníoll seo rí-thabhachtach don comhphobal agus do na leitheoirí. Muna bhfuil an fhios agat conas an lua a fhormáidiú, réiteoidh daoine eile é thar do cheann. Ní gá duit ach aon ghiota faisnéise s'agatsa a thabhairt maidir leis an bhfoinse.
Go ginéarálta, ba chóir duit '''cuardach a dhéanamh tú féin chun tagairtí údarásacha inluaite a fháil''', fiú má tá tú ag scríobh as do chuimhne. Má tá tú ag baint úsáid as d'eolais féin, ba cheart go mbeadh a dhotháin eolais agat chun tagairtí maithe a fhiosrú don léitheoir atá ag lorg ar eolas breise - ní bheidh tú ann go deo chun na ceisteanna a fhreagairt. Is é an pointe lárnach ná '''cabhair a thabhairt don léitheoir''' agus do chuiditheoirí eile.
Tá sé fíorthabhachtach foinsí a lua nuair a bhaineann an t-alt le tuairimí a mheastar ag daoine éagsúla ar ábhar éigin. Ná bain úsáid as abairtí slítheánta ar nós "Deirear ag roinnt daoine go bhfuil…" Cuardaigh ar duine nó grúpa áirithe atá leis na tuairimí sin aige, tabhair a ainm, agus tabhair lua ina léirítear an tuairim sin.
Cuir i gcuimhne nach áit é an Vicipéid chun do thuairimí a nochtú nó chun [[Vicipéid:Gan taighde bunúil a thabhairt isteach|taighde bunúil]] a fhoilsiú.
===Nuair a dhéantar argóint i dtaobh sonraí===
Ba cheart sonraí chonspóideacha a chuir ar leathanach phlé an ait, dá mba rud é go bhfanfadh na sonraí sin san alt dá bhfíorófaí iad. Tugann sé seo an seans d'úsáideoirí eile foinsí a aimsiú don t-eolas - sa cás sin, ba féidir an t-eolas a chur ar ais san alt é fein.
[[ca:Viquipèdia:Citau els fonts]]
[[de:Wikipedia:Quellenangaben]]
[[en:Wikipeida:Cite sources]]
[[fa:ویکیپدیا:شیوه ارجاع به منابع]]
[[fr:Wikipédia:Citez vos sources]]
[[hu:Wikipédia:Idézd forrásaidat]]
[[ja:Wikipedia:出典を明記する]]
[[pl:Wikipedia:Bibliografia]]
[[ro:Wikipedia:Citarea surselor]]
[[sl:Wikipedija:Navajanje virov]]
[[su:Wikipédia:Cutat rujukan]]
[[sv:Wikipedia:Källhänvisningar]]
[[vi:Wikipedia:Chú thích nguồn gốc]]
[[uk:Вікіпедія:Посилання на джерела]]
[[zh:Wikipedia:文献的引用]]
|