An difríocht idir athruithe ar: "Pierre Abélard"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[File:Heloïse_et_d%27Abélard.jpg|right|thumb|220px|"Abaelardus and Heloïse surprised by Master Fulbert" - le [[Jean Vignaud]], [[1819]]]]
'''Pierre Abélard''', 1079-1142: diagaí agus fealsamh Francach. É ar bhunaitheoirí an [[Scolaíochas|Scolaíochais]]. Chleachtadh sé an t-amhras mar mhodh oibre, ós é an t-amhras a chuireann ag tóraíocht na fírinne sinn. Ba é laoch an [[Ainmneachas|Ainmneachais]] é, cé nár mhol sé Ainmneachas [[Roscelin de Compiègne|Roscelin]]. B'fhearr leis riamh an nithiúlacht ná na teibhíochtaíteibíochtaí. Deir Abélard nach bhfuil sna huilithe ach focail; níl ciall leo ar aon dóigh eile. Má deir tú gur fíorchuid den saol iad na huilithe, is féidir leat a rá go bhfuil an tréith chéanna ag Sócraitéas agus ag an asal – is ainmhithe iad. Ach fágann sin gur rud réasúnach é an t-ainmhí sa mhéid go mbaineann sé leis an ''duine'' agus gur rud míréasúnach é sa mhéid go mbaineann sé leis an gcineál ''asal''. Tá contrárthachtaí ag baint leis an rud céanna san iomláine, agus ní féidir é sin.
 
Ní féidir an t-uilí a shamhlú le cnuasach rudaí, ó nochtann an cnuasach i ndiaidh na rudaí atá ina gcuid de. Ní féidir ach oiread an indibhid a shamhlú leis an iomlán, mar fágann sin gur iomaí Sócraitéas atá ann nó gurb ionann an méid indibhidí atá ann agus an méid uilithe, rud nach luíonn le réasún.