An difríocht idir athruithe ar: "CLG Teampall an Ghleanntáin"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 2:
Club CLG = Teampall an Ghleanntáin |
Béarla = Templeglantine |
bunaithe = 19001898 |
contae = [[CLG Coiste Luimneach|Luimneach]] |
roinn = Thiar |
Líne 18:
socks1 = 008000 |
}}
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Teampall an Ghleanntáin'''.
 
==Suíomh==
Tá an club bunaithe i bparóiste Teampall an Ghleanntáin thuas sna conic idir [[An Caisleán Nua Thiar]] agus [[Mainistir na Féile]] in Iarthar [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]], 60km siar ó dheas ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór dá imreoirí ó shráidbhaile Teampall an Ghleanntáin agus ceanntracha tuithe an pharóiste maguaird ar nós Ráth Chathail, An Inse Bhán agus Dún Mhic Cionaoith, as baile agus paróiste Mainistir na Féile agus as baile agus paróiste Áth na Sléibhe.
 
==Cluichí==
Imrítear ach an [[iománaíocht|iomáint]] amháin sa chlub. Ce ná fuil aon nasc oifigiúl ag Teampall an Ghleanntáin leis na clubanna [[peil Ghaelach|peile]] in aice leo, tagann imreoirí ón [[CLG An tAthair Ó Cathasaigh|Athair Ó Cathasaigh]] agus ó [[CLG Áth an tSléibhe|Áth na Sléibhe]] chucu i gcomhair na hiomána.
 
Imríonn peileadóirí an pharóiste le [[CLG Móin na nGé|Móin na nGé]], [[CLG Tuar na Fola|Tuar na Fola]], An tAthair Ó Cathasaigh agus Áth an tSléibhe. I roinnt grád na nóg, tá Teampall an Ghleanntáin nascaithe le Tuar na Fola faoin ainm ''Gaeil an Ullacháin''.
 
==Stair==
Ba pharóiste peile é Teampall an Ghleanntáin nuair a eagraíodh cluichi Gaelacha ar dtús agus ghlac imreoirí na háite páirt i gcomórtaisí peile in Iarthar Luimnigh sular bhunaíodh an club go hoifigiúil sa bhliain 1989. Chailleadar cluichí ceannais Craobh Peile Sinsear Iarthar Luimnigh sna blianta 1902, 1905 agus 1906. Tá cúntas ann ó Mhí Samhna na bliana 1905 faoi chomórtas ina raibh an cluib ag fail an lámh in uachtar ar [[CLG An Fheothanach/Caisleán Uí Mhathúna|Chaisleán Uí Mhathúna]] i gcomórtas san Fheothanach sular chríochníodh an cluiche go luath toisc go raibh an oíche tar éis titim.
 
Maraon lena lán paróistí in oirthear agus in iardheisceart an chontae, leathnaigh an iomáint go tapaidh iontu sna blianta díreach roimh an g[[An Chéad Cogadh Domhanda|Céad Cogadh Domhanda]] agus cuir an club an chéad fhoireann le chéile sa bhliain 1913. Bhí an béim céanna ar an dá chód i dTeampall an Ghleanntáin nuair a ath-thosnaíodh craobhacha sóisear an chontae i ndiaidh na d[[Cogadh na Saoirse|Trioblóidí]] agus chailleadar cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Iarthair i gcoinne Caisleán Uí Mhathúna sa bhliain 1930. Ach d’athraigh an scéal nuair a bhuaigh na hiománaithe ar [[CLG Cill Díoma|Chill Díoma]] chun Chraobh an Iarthair a ghabháil sa bhliain dár gcionn agus tá an lámh in uachtar ag an gcamán sa chlub ón am sin i leith.
 
B’iad blianta na 1930í an ré ba thorthúla i stair imirthe an chluib. D’éirigh leo aris i gCraobh Iomána Sóisear an Iarthair sa bhliain 1937 agus leanadar ar aghaidh chun bhuachaint ar [[CLG Dún Bleisce|Dhún Bleisce]] i gcluiche ceannais Craobh an Chontae. Ach d’ordaigh [[CLG Coiste Luimneach|Coiste an Chontae]] go nathimreofaí an cluiche, dhiúltaigh Teampall an Ghleanntáin teacht ar an bpáirc agus bronnadh an teideal ar Dhún Bleisce.
 
Ba é sin buaichphoínte iomána Teampall an Ghleanntáin. Chailleadh an-chuid imreoirí don imirce le linn blianta na 1940í agus na 1950í agus bhí roinnt blianta ann nuair ná raibh a dhóthain iománaithe fágtha sa phaaróiste chun fhoireann a chur ar an bpáirc. Tháinig feabhas éigin ar an scéal nuair a cheannaíodar a bpáirc imirthe féin sa bhliain 1978 agus bhuadar Craobh Iomána Sóisear B an Iarthair sna blainta 1983, 1990, 1991 agus 1992. Tar éis cluiche ceannais na bliana 1991 a chailliúnt i gcoinne Na Piarsaigh, tháin an chéad chorn chontae chuig an bparóiste nuair a sháraíodar ar [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Ghallbhaile]] i gCraobh Iomána Sóisear B Chontae Luimnigh na bliana dár gcionn.
 
Ní raibh go leor imreoirí acu sa scuad chun fanacht ach ar feadh cúpla bliain sa ghrád sóisear A. Thángadar le chéile le [[CLG An tAthair Ó Cathasaigh|Athair Ó Cathasaigh]] agus [[CLG Áth an tSléibhe|Áth na Sléibhe]] chun iomáint faoin ainm ''Eoin Rua'' i ngrádanna
na nóg sna blianta 1993 agus 1997 ach ba dheacair fóirne a eagrú idir trí chlub. Déirigh níos fearr le Teampall an Ghleanntáin nuair a a d’fhilleadar orthu féin agus, tar éis glún nua a chur le chéile, bhuadar ar [[CLG Dún Bleisce|Dhún Bleisce]] chun Craobh Iomána Sóisear B an Chontae a ghabháil don dara uair sa bhliain 2007.
 
Cé gur shroich Teampall an Ghleanntáin cluiche ceannais Craobh Sóisear B an Iarthair sa bhliain 1985, laghdaigh an suim sa pheil nuair a bhí ag éirí leis an iomáint le linn blianta na 1990í. D’éirigh an club as an sport ar fad sa bhliain 1998.
 
==Páirc Imirthe==
Tá páirc imirthe Teampall an Ghleanntáin suite i Ráth Chathail, 2km soir ó lár an sráidbhaile. Thosníodh ar chlár fhorbartha sa bhliain 1998 agus tá cothromaíocht agus draenáil na páirce agus togáil an ardáin féachanna críochnaithe anois.
==Imreoirí Cáiliúile==
I measc iománaithe cáiliúile an chluib ar imir a fhóirne an chontae, tá Liam Ó Cuill (''Billy Quill'') as blianta na 1930í, Liam Ó Murchú (''Liam Murphy'') as blianta na 1980í agus Séan Ó Ríordáin (''John Riordan'') agus ('Séamus Ó Ríordáin'') as f’oirne mionúir agus faoi-21 blianta na 2000í.
 
==Naisc sheachtracha==