An difríocht idir athruithe ar: "CLG Fánaithe na Camóige"

Content deleted Content added
mNo edit summary
→‎Stair: tuilleadh eolais
Líne 30:
 
==Stair==
Bunaíodh an club sa bhliain 1925 nuair a bhí CLG sa chontae ag teacht ar ais chuige féin i ndiaidh na [[Cogadh na Saoirse|dTrioblóidí]]. Roimhe sin, ní raibh ach an club amháin sa pharóiste, [[CLG Brú na Déise|Brú na Déise]] ach is cosúil gur thárla achrann inmheánach iontu i ndiaidh iad cluiche ceannais [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] na bliana 1925 a chailliúint Ii gcoinne [[CLG An Caisleán Nua Thiar|An Chaisleáin Nua Thiar]].
 
Bhuaigh Fánaithe na Camóige Craobh Iomána Sóisear an Deiscirt ar an gcéad iarracht sa bhliain 1926 ach, tar éis [[CLG An tOspidéal/Cathair Fuinse|An tOspidéal]] buachaint orthu sa bhliain 1929, níor shroicheadar cluiche ceannais an chomórtais sin arís riamh. Le linn blianta na 1950í, thit an club as a chéile ar feadh roinnt blianta agus, i ndiaidh á atheagrú, d’éirigh níos fearr leo sa pheil ar dtús.
 
Bhuadar Craobh Peile Sóisear an Deiscirt sa bhliain 1970 agus bhuaigh [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Gallbhaile]] orthu i gcluiche ceannais d’arna bliana dár gcionn ach thit imirt an dá chód siar le linn blianta na 1980í. Ós siadrud é go rabhadar i gconaí faoi scáth Brú na Déise, tá Na Fánaithe ag imirt an pheil agus an iomáint sa ghrád sóisear B ón am sin. Bhuaigh [[CLG An Cheapach (Luimneach)|An Cheapach]] orthu Ii gcluiche cheannais Craobh Peile Sóisear B Chontae Luimnigh sa bhliain 1995 agus shroicheadar cluiche leath-cheannais craobh an chontae sa ghrád sin san iomáint sa bhliain 2002 nuair a bhuadar Craobh Sóisear B an Deiscirt.
 
==Páirc Imirthe==