An difríocht idir athruithe ar: "CLG Átháin"

Content deleted Content added
m →‎Stair: tuilleadh eolais
Líne 30:
 
==Stair==
Fiú amháin roimh bhunú oifigiúl [[Cumann Lúthchleas Gael|CLG]], bhí traidisiún bríomhar iomána sa limistéar díreach soir ón g[[Luimneach|cathair]]. I measc na gclubanna ba láidre sa chontae le linn blianta deiridh an 19ú déag, bhí dhá cheann ó pharóiste Caisleán Uí Chonaill, ''Caisleán Uí Chonaill'', a bhuaigh craobh iomána sinsear an chontae sa bhliain 1909, agus ''Cnoc na Sailí'', buaiteoirí an chraoibh sa bhliain 1900. Tá tuairisc ann faoi cluiche iomána sa bhliain 1895 i gCill Mhuire inar bhuaigh [[CLG Saor Theas|Saor Theas]] ar fhoireann dárbh ainm di ''Átháin''. Bhí foireann peile sa cheanntar ag an am gcéanna faoin ainm ''Áth na Coite'', a bhí suite i leath-pharóiste [[CLG Móin a' Lín|Mhóin a' Lín]] agus tháinig dá imreoirí as paróiste Chaisleán Uí Chonaill. Ach maraon lena lán clubanna eile sa chontae, thiteadar go léir as a chéile le linn na [[Cogadh na Saoirse (Éire)|dTrioblóidí]] agus [[An Chéad Cogadh Domhanda]].
 
Bunaíodh club an lae inniu ann sa bhliain 1926. Ós rud é go raibh an-chuid daoine ag teacht isteach sa pharóiste le linn togáil stáisiún ginnte hidrileictreach Ard na Croise ag an am, d’fhás club Átháin go tapaidh agus i gcionn ach dha bhliana, bhí Craobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh gafa acu nuair a sháraíoadar ar [[CLG Fíonach/Cill Mhíde|Chill Mhíde]] i gcluiche ceannais na bliana 1928. I ndiaidh dóibh buachaint ar [[CLG Brú Rí|Bhrú Rí]] sa chomórtas chéanna sa bhliain 1930, thosnaíodar ag imirt sa phríomhghrád, áit ina bhfuilid ann fós gan stad ó shin i leith.