An difríocht idir athruithe ar: "Ceol traidisiúnta na hÉireann"

Content deleted Content added
m ~IV
No edit summary
Líne 1:
Tá an '''ceol traidisiúnta''' lárnach do chultúr [[Éire|na hÉireann]] agus is féidir é a chloisteáil go rialta má chaitheann tú seal sa tír. In sna pubanna is mó a thionóltar na séisiúin [[Ceol|ceoil]] agus de ghnáth cuirtear fáilte roimh gach aon cheoltóir.
 
Ceol rince, den chuid is mó, is ea ceol traidisíúnta na hÉireann ach sansa lá atá inniu ann is minic a sheinntear é don lucht éisteachta amháin - gan rinceoirí ar bith. Tá cineáil eagsúla foinn le cloisteáil ach is fearr le ceoltóirí ríleanna agus poirt a sheinm. Is fearr ar féidir leo a gcumas a thaispeáint agus iad ag triall ar na túin siúd.
 
Níl aon notaí ceoil le feiceáil os comhair ceoltóirí traidisiúnta mar tá gach aon tún ar aithris acu. Ní raibh na ceoltóirí in ann notaí a léamh san am atá caite agus bíonn lucht an lae inniu beag beann orthu freisin. Is iad an fhidil, an cairdín, an fheadóg agus an bainseo na uirlisí ceoil is minice a bhíonn idir láimhe acu.