An difríocht idir athruithe ar: "Sruth leictreach"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Nuair a shreabhann lucht leictreach trí ábhar ar bith, bíodh an lucht deimhneach nó diúltach, is é 'sruth leictreach' a thugtar ar an méid lucht a ritheann thar ionad ar leith…
(No difference)

Leagan ó 22:34, 21 Aibreán 2009

Nuair a shreabhann lucht leictreach trí ábhar ar bith, bíodh an lucht deimhneach nó diúltach, is é 'sruth leictreach' a thugtar ar an méid lucht a ritheann thar ionad ar leith in aghaidh an tsoicind. Is é an aimpéar an t-aonad ina dtomhaistear sruth leictreach, agus is é A an nod ar an aimpéar. Is ionann aimpéar agus cúlóm luchta a rith thart gach uile shoicind.

An sruth a shreabhadh in aon treo amháin an t-am go léir - is sruth díreach (s.d) an uair sin é. Glactar leis gurb é treo an tsrutha: treo coibhéiseach shreabhadh an luchta dheimhnigh. Is é a mhalairt sin, dá réir sin: i gcoinne shreabhadh an luchta dhiúltaigh. Is sruth díreach a fhaightear ó cill leictreach. I gcás an dineamó afách, is sruth malartach nó sruth ailtéarnach (s.a.) a shreabhann uaidh sin i dtreo amháin leath an ama, agus sa treo eile, an leath eile den am. An t-ábhar a sreabhann an sruth tríd - seoltóir leictreach a thugtar air.