An difríocht idir athruithe ar: "Benazir Bhutto"

==Polaitíocht==
 
Chuaigh sí i gceannas ar Pháirtí Phobal na Pacastáine, agus é faoin lánsmacht aici go lá a báis. D'fhill sí abhaile sa bhliain 1986, bhain amach bua sna toghcháin agus chuaigh i réim. (Cailleadh Zia ul-Haq, an ginearál a chroch a hathair, idir an dá linn.) D'éirigh leis an Uachtarán Ghulam Ishaq Khan í a bhriseadh ar shéala anna caimiléireachta sa bhliain 1990; i gceann tamaill fógraíodh neamhchiontach í agus chuaightháinig sí i réim arís. Chuaigh sí i bpáirt le polaiteoirí eile agus leis na ginearáil, agus go fiú le Jamiat Ulema-e-lslami, dream coimeádach Ioslamach. D'oir sin don chaidreamh a bhí a rialtas ag iarraidh a dhéanamh leis na Talaban ar maithe le teorainn neamhchorrach agus le comhchaidreamh le tíortha iarShóivéideacha i lár na hÁise.
 
Chuir sí i leith an Uachtaráin Farooq Leghari go raibh baint aige le marú a dearthár Murtaza; chuir cairde Mhurtaza an choir chéanna ina leithse. Briseadh arís í agus chaill a páirtí na toghcháin. Chuaigh sí thar lear ar eagla a naimhde, ach d'fhill nuair a thug an tUachatarán nua Pervez Musharraf pardún di féin agus dá fear céile. (Tháinig Musharraf i réim mar cheannaire rialtais mhíleata.)
Tháinig Benazir Bhutto ar ais sa bhliain 2007. Chuir a lucht leanúna an-fháilte roimpi, ach rinneadh ionsuithe uirthi; tháinig sí slán ó ionsaí féinmharaithe a d'fhág 136 duine marbh. D'fhógair an tUachtarán Musharraf toghcháin nua, agus bhí caibidlí deacra acu lena chéile idir an dá linn: coinníodh sa bhaile ar feadh tamaill í.
 
[[Image:Benazir Bhutto house arrest VOA News.jpg|250px|thumb|right|Benazir Bhutto s'exprimantá devantcur sesféin sympathisantsiúl os comhair a lucht leanúna.]]
 
== Dúnmharú ==
6,083

edits