An difríocht idir athruithe ar: "Benazir Bhutto"

Content deleted Content added
Líne 32:
==Polaitíocht==
 
Chuaigh sí i gceannas ar Pháirtí Phobal na Pacastáine, agus é faoin lánsmacht aici go lá a báis. D'fhill sí abhaile sa bhliain 1986, bhain amach bua sna toghcháin agus chuaigh i réim. (Cailleadh [[Zia ul-Haq]], an ginearál a chroch a hathair, idir an dá linn.) D'éirigh leis an Uachtarán Ghulam Ishaq Khan í a bhriseadh ar shéala na caimiléireachta sa bhliain 1990; i gceann tamaill fógraíodh neamhchiontach í agus tháinig sí i réim arís. Chuaigh sí i bpáirt le polaiteoirí eile agus leis na ginearáil, agus go fiú le Jamiat Ulema-e-lslami, dream coimeádach Ioslamach. D'oir sin don chaidreamh a bhí a rialtas ag iarraidh a dhéanamh leis na Talaban ar maithe le teorainn neamhchorrach agus le comhchaidreamh le tíortha iarShóivéideacha i lár na hÁise.
 
Chuir sí i leith an Uachtaráin Farooq Leghari go raibh baint aige le marú a dearthár Murtaza; chuir cairde Mhurtaza an choir chéanna ina leithse. Briseadh arís í agus chaill a páirtí na toghcháin. Chuaigh sí thar lear ar eagla a naimhde, ach d'fhill nuair a thug an tUachatarán nua [[Pervez Musharraf]] pardún di féin agus dá fear céile. (Bhí an Ginearál Musharraf tar éis teacht i réim mar cheannaire rialtais mhíleata.)
Sa bhliain 2007 a tháinig Benazir Bhutto ar ais, agus an-fháilte roimpi, ach rinneadh ionsuithe uirthi; tháinig sí slán ó ionsaí féinmharaithe a d'fhág 136 duine marbh. D'fhógair an tUachtarán Musharraf toghcháin nua, ach bhí caibidlí deacra aige féin agus ag Benazir Bhutto lena chéile idir an dá linn: coinníodh sa bhaile ar feadh tamaill í.