An difríocht idir athruithe ar: "Béaloideas"

Content deleted Content added
No edit summary
 
No edit summary
Líne 1:
"Béaloideas" a thugtar ar litríocht bhéil, .i. scéalta a insítear seachas scéalta scríofa. Tagann an focal as an dá fhocal "béal" agus "oideas", a chiallaíonn "eagna" nó "oideachas". Bíonn traidisiún láidir béaloidis ag neart pobal tuaithe ar fud an domhain, Éire san áireamh. De ghnáth, baineann an béaloideas le heachtraí stairiúla a tharla sa gceantar máguaird, m.sh. bá tragóideach iascairí, nó le heachtraí daoine cáiliúla ón stair, m.sh. [[Gráinne Mhaol]]. Caitheamh aimsire a bhíodh sa mbéaloideas roimh ré na litearthachta fairsinge, ach tá suim réasúnta mór fós in ealaín insinte scéil sa lá atá inniu ann, cé go bhfuil formhór an phobail dulta i dtuilleamaí na teilifíse agus na meán cumarsáide eile le haghaidh a gcuid nuachta agus a gcuid seanchais.