An difríocht idir athruithe ar: "Gráinne Ní Mháille"

Content deleted Content added
m Athainmníodh Gráinne Uí Mháille bheith Gráinne Ní Mháille
tuilleadh eolais
Líne 1:
Taoiseach [[Gael]]ach agus foghlaí mara ab ea '''Gráinne Uí Mháille''', '''Gráinne Umhall''' nó '''Gráinne Mhaol''' mar a tugtaí de ghnáth uirthi. Rugadh Gráinne sa bhliain 1530 i nDún Bhéal an Chláir, Co. Mhaigh Eo. Ba iníon í le Mairéad agus Dúdarach Ó Máille, taoiseach na Máilleach. Timpeall na bliana 1544, phós sí Dónall an Chogaidh Ó Flaithearta, a raibh cuid mhaith de chósta thiar theas Chonamara faoina cheannas. Agus Gráinne Mhaol i mBun Abhann, príomhbhaile Dhónall an Chogaidh, chuir sí loingeas mór le chéile agus ghearradh sí cáin ar na longa a bhí ag teacht isteach i gCuan na Gailimhe chun trádála leis an gcathair. Sa bhliain 1565, mharaigh na Seoighigh, naimhde na bhFlaitheartach, Dónall an Chogaidh, agus ghlac mic Ghráinne ceannas ar thailte a n-athar D'fhill Gráinne ar thailte a hathar féin ar chósta Chuan Mó, agus phós sí Risteard Búrc an bhliain dár gcionn, 1566 In 1577 gabhadh Gráinne fad is a bhí sí ag foghlaíocht ar Chósta an Mumhan. Cuireadh go Baile Átha Cliath í, áit ar coinníodh ar feadh dhá bhliain í sular ligeadh saor í. I [[1593]], chuaigh sí go Londain chun breathnadh ar [[Eilís I na Breataine|Eilís I]], banríon le banríon. Ba in [[oileán Cléire]] in iarthar [[Cuan Mó]] a bhí a baile. Bhí caisleán mór eile aici in [[Acaill]]. Fuair Gráinne bás sa mbliain 1603.
De réir an tseanchais, tugah "Maol" uirthi mar leasainm toisc gur bhearr sí a cuid foilt ar fad dá ceann chun a bheith in ann dul amach ar an bhfarraige leis na fir--ní raibh athair Ghráinne sásta ligint do bhean teacht ar an mbád agus, mar gheall air sin, bhearr Gráinne a gruaig chun a bheith cosúil le fear. Nuair a chonaic a hathair a cloigeann maol, ligeadh isteach sa mbád í.
 
Tá tuilleadh eolais as Gaeilge le fáil in ''Gráinne Mhaol Ní Mháille'' le Darach Ó Scolaí (2003).
 
[[Rang:Daoine]]