An difríocht idir athruithe ar: "Maximilien Robespierre"

Content deleted Content added
Content from Maximilien Marie Isidore de Robespierre needs to be merged into this article.
Líne 1:
{{merge|Maximilien Marie Isidore de Robespierre}}
{{Bosca Sonraí Scríbhneoir
| ainm = Maximilien Marie Isidore de Robespierre
Line 12 ⟶ 11:
}}
 
Duine de na ceannairí ba thábhachtaí i [[Réabhlóid na Fraince]] a bhí i '''Maximilien François Marie Isidore de Robespierre''' ([[6 Bealtaine]] [[1758]] – [[28 Iúil]] [[1794]]). Bhí sé ina bhall de [[Coiste na Slándála Poiblí|Choiste na Slándála Poiblí]] agus ghlac sé páirt lárnach sa chuid den réabhlóid ar a tugtar [[Ré an Uafáis]], go dtí gur gabhadh agus cuireadh chun báis é sa bhliain 1794. Ceannaire dian agus cruálach ab ea é, ach neamh-éillitheach ag an am céanna, rud a thuill an leasainm "Robespierre Dochlaonta" dó.
 
==Saol==
Ceannaire dian agus cruálach ab ea é, ach neamh-éillitheach ag an am céanna, rud a thuill an leasainm "Robespierre Dochlaonta" dó.
{{glanadh|beag=beag}}
Rugadh é ar 6 Bealtaine 1758 in Arras (Artois). É ina dhlíodóir agus ina pholaiteoir. É ar an duine ba shuntasaí de na Montagnards sa Chomhdháil, agus dlúthbhaint aige le “claonadh daonlathach” na Réabhlóide. É ar na daoine is conspóidí den ré sin; thug a chairde “an fear dothruaillithe” air, agus chuir a naimhde tíorántacht ina leith. Ábhar mór díospóireachta é an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar Choiste na Slándála Poiblí agus ar an rialtas réabhlóideach, ó deir staraithe éigin nach mór a bhí a chomhghuaillithe faoina anáil. Nuair a básaíodh é in éineacht le haon duine amháin agus fiche dá chairde, ba mhór an babhta ar an rialtas réabhlóideach é. Na daoine ar éirigh leo maoin na huaisle agus na mbaincéirí saibhre a chreachadh i rith na Sceimhle d’oir sé dóibh a lán coireanna a chur i leith Robespierre.
 
Fuair sé bás faoin ngilitín ar 28 Iúil 1794 i b[[Páras]], i gCearnóg na Réabhlóide.
 
{{síol}}