An difríocht idir athruithe ar: "Conchúr mac Neasa"

Content deleted Content added
Mahagaja (plé | dréachtaí)
No edit summary
Conchúr "mac" Neasa mar nár sloinne atá i gceist. Cuireadh scéal a bháis isteach.
Líne 1:
Rí ar Chúige Uladh ab ea '''Conchúr Macmac Neasa'''. De réir traidisiúin bhí sé ar dhuine de na ríthe ba chumasaí sa tír, ach níl aon fhianaise stairiúil ann faoi mar gur mhair sé sa tréimhse réamhChríostaí. An Chraobh Rua a tugadh ar na saighdiúirí a bhí aige. Cathbhad a bhí ina dhraoi aige, agus tráth ar rugadh leanbh thuar an draoi go mbeadh sí níos áille ná bean ar bith eile in Éirinn, go bpósfadh Conchúir í, agus go mbeadh brón agus ár ann dá bharr. Dá bhrí sin thug sé [[Deirdre]] (brón) mar ainm uirthi. Insítear a scéal in [[Oidheadh Chlainne Uisnigh]]. Ba le linn Chonchúir a tháínig [[Cú Chulainn]] i méadaíocht agus tá a chuid eachtraí siúd agus eachtraí eile le fáil sa [[Táin]]. Tugtar an [[Rúraíocht]] ar an sraith scéalta a chuireann síos ar réim Chonchúir Mhicmhic Neasa.
 
== Bás Chonchúir mhic Neasa ==
 
De réir an tseanchais, fuair Conchúr bás ar an gcéad Aoine Chéasta de bharr na feirge a tháinig air nuair a insíodh dó go raibh Mac Dé tar éis a bheith curtha chun báis. Bhí Conchúr tinn an uair sin de bharr liathróid chatha a bhí sáinnithe ina cheann. Bhí an liathróid sin déanta as inchinn Mheas Geaghra, a meascadh le beagán aoil chun liathróid bheag chrua a dhéanamh. Is é Conall Cearnach a mharaigh Meas Geaghra agus a rinne an liathróid inchinne, cé gur Cead mac Mághach a scaoil an liathróid le Conchúr agus cath ar siúl idir na Connachta agus na hUlaidh. Chuaigh an liathróid i sáinn i gcloigeann Chonchúir mhic Neasa agus dúirt na lianna leis gur baol go bhfaigheadh sé bás dá mbainfí an liathróid as a chloigeann. Thairis sin, bheadh ar an rí gach strus, stró, agus brú a sheachaint mar d'fhéadfadh an liathróid léim óna chloigeann de bharr an iomarca struis.
 
Ar Aoine Chéasta, tháinig dorchadas sa spéir agus uraíodh an ghrian. D'fhiafraigh Conhchúr dá lucht draíochta cén t-údar a bhí leis an dorchadas. Nuair a mhínigh siad dó go raibh Mac Dé á mharú, chaill Conchúr a mheabhair gur chuaigh sé amach sa choill ag leagan crann gan stad agus a rá gur mar sin a leagfadh sé naimhde Mhic Dé ach an deis a bheith aige. De bharr an struis ar fad, léim an liathróid inchinne as a chloigeann agus fuair sé bás i bhfaiteadh na súl.
 
[[Rang:Béaloideas na hÉireann|Conchuir Mac Neasa]]