An difríocht idir athruithe ar: "CLG Áth an tSléibhe"
Content deleted Content added
→Stair: tuilleadh eolais |
|||
Líne 31:
Cé go raibh an pheil á imirt go forleathan sa cheanntar le linn blianta deiridh an 19ú céad, níor bhunaíodh aon club i bparóiste Áth an tSléibhe go dti an bliain 1905. Roimhe sin, d’imir peileadóirí na háite le [[CLG An tAthair Ó Cathasaigh|Mainistir na Féile]], [[CLG An Gleann (Luimneach)|An Gleann]] agus Máigh Mheáin i g[[Contae Chiarraí]]. Ós rud é go raibh foireann an-láidir ag Mainistir na Féile le linn blianta na 1900í agus na 1910í, mealladh roinnt des na himreoirí ab fhearr chucu ó na paróistí lámh leo agus níor éirigh go maith le Áth an tSléibhe ar dtús.
D’athraigh an scéal nuair a bhuadar
Tháinig corn sóisear an chontae chuig an bparóiste don dara uair sa bhliain 1963 tar éis dóibh [[CLG Pailís na Gréine|Pailís na Gréine]] a chloí agus bhí Áth an tSléibhe ar ais sa ghrád sinsear don dara uair. Cúig bhliain ina dhiaidh sin, bhuadar ar Sháirséalaigh an Chonartha i gcluiche cannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] ach, nuair a thosnaigh an fhoireann sin ag titim as a chéile, bhíodar ar ar ag imirt peile sóisir arís le linn blianta na 1980í.
Tháinig feabhas ar an scéal le blianta na 1990í nuair a tháinig glún nua le chéile chun Craobh Faoi-21B an Chontae a ghabháil sa bhliain 1995. Buadh Craobh Peile Sóisear A an Chontae sa bhliain 1997 tar éis dhá athimirt i gcoinne [[CLG Drom Chollachair/Béal an Átha| Drom Chollachair/Béal an Átha]] agus Craobh Peile Idirmheánach Chontae Luimnigh sa bhliain 2002 le bua ar [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Ghallbhaile]] agus shoicheadar cluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear an Chontae]] na bliana dár gcionn ach chailleadar i gcoinne Drom Chollachair/Béal an Átha. Thiteadar síos go dti an grád idirmheánach sa bhliain 2006, bhíodar ar ais sa phríomhghrád láithreach bonn tar éis buachaint ar Ghallbhaile arís i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach na bliana 2007 ach níor fhanadar ach bliain amháin ann sular thiteadar síos arís.
==Páirc Imirthe==
|