An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"

Content deleted Content added
Líne 24:
Tá gramadach agus litriú na bhfocal sna scríbhinní Oghaim le sonrú sa [[Sean-Ghaeilge]] is nua-aoisí - fiú má bhaineann an chuid is deireanaí de na hOghamchlocha leis an tréimhse chéanna. Mar sin, is dócha go ndearna na manaigh iarracht d'aon turas ar stíl nua scríbhneoireachta a thabhairt isteach nach mbeadh cosúil le stíl "Phágánta" na n-Oghamchloch.
 
===An Mheán-Ghaeilge===
 
De réir a chéile, tháinig meath ar thraidisiún scríofa na Sean-Ghaeilge, agus an Mheán-Ghaeilge ag teacht ina háit. Teanga cineál measctha is ea an Mheán-Ghaeilge, nó is deacair aon chaighdeán nó norm ceart a leagan amach di. Tá idir chaint na ndaoine agus ghramadach chasta na Sean-Ghaeilge ag dul trí chéile sa Mheán-Ghaeilge, agus thairis sin, is féidir forcheartú a fheiceáil ansin - is é sin, iarrachtaí teipthe ar chloí le caighdeán na Sean-Ghaeilge.
 
===Nua-Ghaeilge===