An difríocht idir athruithe ar: "Éilís Ní Dhuibhne"

Content deleted Content added
alt nua
(No difference)

Leagan ó 02:10, 19 Nollaig 2005

Rugadh Éilís Ní Dhuibhne in 1954 i mBaile Átha Cliath. Bhain sí amach dochtúireacht sa Bhéaloideas sular thosaigh sí ar phost mar choimeádaí leabharlainne i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Is i ngort na litríochta, áfach, is mó atá cáil agus clú uirthi. Scríobhann Ní Dhuibhne as Béarla agus as Gaeilge, agus clúdaíonn a saothar réimse maith ábhar: úrscéalta, gearrscéalta, drámaí, agus scéalta do leanaí san áireamh. Maidir leis an mBéarla, is óna peann atá na húrscéalta: The Bray House (1990), Singles (1992), agus The Dancers Dancing (1999), a cuireadh ar ghearrliosta an duais Orange 2000. Ceithre chnuasach de ghearrscéalta atá foilsithe aici go nuige seo: Blood and Water (1988), Eating Women is Not Recommended, The Inland Ice and Other Stories (1997), agus Pale Gold of Alaska and Other Stories (2001). Le haghaidh páistí a scríobhadh The Uncommon Cormorant, The Hiring Fair, agus Hugo and the Sunshine Girl.

Ó thaobh na Gaeilge de, is iad na drámaí Milseog an tSamhraidh agus Dún na mBan na chéad shaothair a foilsíodh, ach is é Dúnmharú sa Daingean (2000) a rinne údar mór-le-rá Gaeilge di. Lean úrscéal eile Cailíní Beaga Ghleann na mBláth in 2003. Baineann Ní Dhuibhne leas as Gaeilge shimplí sho-léite, a bhfuil rian an Bhéarlachais uirthi go minic, chun scéalta casta lán de mhothúchán a chur os comhair an léitheora. Is minic a úsáideann sí miotais na Gaeilge, ar nós foirfeacht na Gaeltachta, sonas na gcoláistí samhraidh, nó neamhurchóideachas an bhéaloidis, mar chúlra ar a thaispeánann sí castacht an tsaoil agus an chine dhaonna.