Content deleted Content added
cianamharcaíocht?
No edit summary
Líne 2:
----
A Sheanáin, fáilte romhat go dtí na Vicipéide. Go raibh maith agat mar gheall ar na dréachtaí a scríobh tú. Ach caithfidh mé a rá nach bhfeicim aon bhunús leis an bhfocal sin "cianamharcaíocht" a d'úsáid tú in áit "teilifís". Níor chuala mise an focal sin roimh ré, agus níl aon thoradh aige i nGoogle ar chor ar bith ([http://www.google.co.uk/search?q=cianamharca%C3%ADocht&start=0&ie=utf-8&oe=utf-8]). Ach tá thart ar 40,000 toradh ann do "teilifís" ([http://www.google.co.uk/search?hl=en&q=teilif%C3%ADs&btnG=Search&meta=]). Mar a deirtear ar an leathanach eagarthóireachta, "Luaigh do chuid foinsí go mbeadh sé ar a chumas do dhaoine eile do chuid oibre a scrúdú." Iarraim ort giota fianaise ar bith a lua don bhfocal "cianamharcaíocht" a thaispeáneann go bhfuil úsáid níos fairsinge aige sa Ghaeilge labhartha ná mar atá ag teilifís. Mar sin, ba féidir linn na téarmaí a phlé agus an focal is fearr a roghnú astu. Go raibh maith agat as do chuid cabhrach sa Vicipéid! --[[Úsáideoir:Gabriel Beecham|Gabriel Beecham]] 01:54, 19 Nollaig 2005 (UTC)
----
Sílim gur ceart ''teilifís'' a choinneáil ós é sin an focal a thuigeann chuile dhuine is a bheas siad a chuardach. Tuigim go bhfuil rian an Bhéarla air, a Sheanáin, ach faraor géar, sin é an focal atá sa nGaeilge. Déarfainn an rud céanna maidir le ''riancharr'' agus ''tram''. Ní thuigfeadh mórán daoine ''riancharr''. Mar sin, is ceart teilifís agus tram a bheith ina dteidil ar na haltanna thuasluaite, cé go bhféadfá a lua san alt go bhfuil na focail ''cianamharcaíocht'' agus ''riancharr'' ann freisin. le meas, lpmorris