An difríocht idir athruithe ar: "Maighdean mhara"

Content deleted Content added
No edit summary
 
No edit summary
Líne 1:
'''Maighdean mhara''' a thugtar ar chréatúr ar leath mná agus leath éisc í. [[Murúch]] a thugtar uirthi i nGaeilge na Mumhan. Ón gcoim aníos, is bean í an mhaighdean mhara, ach ón gcoim síos, is iasc í. De réir antraidisiúin bhéaloidiseile, tá riocht róin ar mhurúcha de ghnáth, ach tagann riocht duine orthu tar éis dóibh cochall draíochta a bhaint díobh féin. Tá bua an cheoil ag na murúcha, agus is binn iad na hamhráin a chanann siad. Ar an drochuair, tá feall ina gcuid ceoil, mar baineann na maighdeana mara úsáid as na hamhráin chun bádóirí agus daoine eile a mhealladh isteach san fharraige, áit a mbáitear iad.
 
Cé gur cuireadh básanna bádóirí ina leith, tá cuid mhaith scéalta ann a thaispeánann cion ar agus dáimh leis na murúcha, nó ar a laghad leis na maigheana mara sin a mealladh ar an talamh. De réir an bhéaloidis, déantar bean iomlán de mhurúch má ghoidtear a cochall draíochta. Is iomaí maighdean mhara a pósadh ar fhear cladaigh tar éis don fhear an cochall a ghoid ar an maighdean mhara. Cé go bhfuil cosa daonna ag an murúch in easpa an chochaill, baineann pianta fíochmhara leis an siúl i gcónaí, agus bíonn cumha ouirthiuirthi i ndiaidh an tsaoil faoi thoinn. Cuireann cúpla hamhrán [[sean-nóis]] síos ar an gcumha seo, agus pléann sraith dánta sa leabhar ''Cead Aighnis'' le [[Nuala Ní Dhomhnaill]] an téama. Bhí sé de gheis ar mhuintir áirithe gan rónta a mharú toisc gur creideadh gur ó mhurúch a shíolraigh an mhuintir.