An difríocht idir athruithe ar: "Púca"

Content deleted Content added
alt nua
(No difference)

Leagan ó 05:24, 19 Nollaig 2005

Púca a thugtar ar arracht sí a fhuadaíonn daoine . Riocht capaill nó gabhair a bhíonn ar an bpúca de ghnáth cé go mbíonn riochtanna eile air amanna, m.sh. riocht iolair. Tá sé de nós ag an bpúca duine a chaitheamh suas ar a dhroim go n-iompraíonn sé an duine ar thuras scioptha ar fud na dúiche. Is minic a ghortaítear an marcach neamhthoilteanach, cé go dtagann sé slán ach scanraithe go smior amanta eile. Daoine ar meisce is mó a thagann ar an pbúca i rith oícheanta dorcha gan ghealach. Ar ndóigh, tá baint ag an bpúca, a thaibhríonn san oíche, leis an "nightmare" ("láir oíche") as traidisiún Gearmánach an Bhéarla. Tá dlúthbhaint ag an bpúca, freisin, leis an each uisce, atá fiú níos contúirtí go mbánn daoine.