An difríocht idir athruithe ar: "CLG Brú na Déise"

Content deleted Content added
→‎Stair: tuilleadh eolais
Líne 34:
Nuair a ghlacadh le rialacha caighdeánacha na peile agus na hiomána i ndiaidh bhunú [[Cumann Lúthchleas Gael|CLG]], d'eagraigh na clubanna comórtaisí eatharthu féin agus bhí clú mór ar an gceann a imríodh i mBrú na Déise. Tá tuairiscí ann faoi chluichí iomána sa bhaile inar ghlac fóirne as [[CLG Eithbhinn|Eithbhinn]], [[CLG An tOspidéal/Cathair Fuinse|An tOspidéal]], [[CLG Feadamar|Feadamar]], [[CLG An Dromainn/An tÁth Leacach|An Dromainn]] agus [[CLG Cnoc Áine|Cnoc Áine]] páirt i Mí Meán Fómhair na bliana 1887.
 
Bhí cumhacht na hiomána dlúite i gceathrú thoir-thuaidh an chontae suas go dti an bhliain 1897 agus, cé go raibh mór-shuim sa chluiche i mBrú na Déise ag an am, níor éirigh go maith leo le linn an tréimhse sin. Fiú amháin nuair a tháinig na céad craobhacha chontae go dti deisceart an chontae, b’iad [[CLG An Charraig Dhubh (Luimneach)|Cill Fhionáin]] agus [[CLG Cromadh|Cromadh]] na fóirne ba láidre sa cheanntar. Mar sin féin, shroicheadar cluiche leath-cheannais [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] na bliana 1904 agus iad ag imirt faoin ainm ''Réalta Brú na Déise'' nuair a bhuaigh [[CLG An Cheapach Mhór|An Cheapach Mhór]] orthu.
 
D’athraigh an scéal áfach le linn blianta na 1920í. D’ainneoin gur thárla an cogaíocht ba ghéire le linn [[Cogadh Cathartha na hÉireann|an Chogaidh Cathartha]] sa limistéar idir Brú na Déise agus [[Cill Mocheallóg]], thosnaigh an club ag imirt arís díreach ina dhiaidh agus shroicheadar cluiche ceannais [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] na blian 1922. Cé gur chailleadar go dona i gcoinne Éire Óg an lá sin, bhíodar arís arís ann trí bhliain ina dhiaidh ach bhuaigh [[CLG An Caisleán Nua Thiar|An Caisleán Nua Thiar]] orthu.